Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

19 Marta, 2020 – Fógraíonn an tAire McHugh, Cealú na dTrialalcha Praiticiúla agus Béaltrialacha feidhmíochta an Teastais Shóisirigh agus na hArdteistiméireachta

Press-release 19 March 2020
19-Márta-20

D’fhógair an tAire Oideachais agus Scileanna Joe Mc Hugh TD inniú (Déardaoin 19 Marta 2020) go gcuirfear ar ceal béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta na scrúdaithe stáit a bhí le bheith ar siúl idir Dé Luain 23 Márta agus Dé hAoine 3 Aibreáin 2020.

Bronnfar marcanna iomlána don mhír seo de na scrúdaithe ar na scoláirí a bhí leis na scrúdaithe seo a dhéanamh.

Tógadh an cinneadh seo de bharr go bhfuil na scoileanna dúnta ar mhaithe le leathadh Covid-19 a shrianadh agus is é Coimisiún na Scrúduithe Stáit (CSS) a chuirfidh i bhfeidhm é.

Dúirt an tAire McHugh: “Is tréimhse an-chrua é seo do gach duine. Is dúshlán an-mhór é dár scoláirí go bhfuil na scoileanna dúnta agus is ar leas na scoláirí atá an cinneadh seo á thógáíl againn.

“Is é seo an cinneadh is córa go bhféadfaimid a thógáil ag an tráth seo. Tugann sé gealltanas, nach mbronnfar marc níos ísle ar aon scoláire ná mar a mbainfeadh sé/sí amach dá mbeadh na scoileanna ag feimhniú mar is gnáth.

“Tá béim úr feicthe againn ar chianfhoghlaim le linn na héiginnteachta seo a bhaineann le tionchar Covid-19 agus dúnadh na scoileanna. Tá súil agam go dtabharfaidh an cinneadh seo faoiseamh éigin ón mbrú atá á mothú ag scoláirí faoi láthair agus go mbeidh siad in ann díriú ar a gcuid oibre chun a dtionscnaimh a chríochnú agus réiteach do na scrúduithe scríofa.”

Ciallaíonn an t-athrú atá déanta do na scrúdaithe stáit 2020 go mbronnfar marcanna iomlána ar scoláirí a bhí le béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta a dhéanamh sna scrúdaithe seo a leanas:

  • Béaltrialacha na hArdteistiméireachta i nGaeilge agus sna nuatheangacha - Fraincís, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Rúisis agus Seapáinis san áireamh.
  • Trialalcha praiticiúla feidhmíochta i gCeol na hArdteistiméireachta.
  • Trialalcha praiticiúla feidhmíochta i gCeol agus Eacnamaíocht Bhaile an Teastais Shóisirigh.

Dhearbhaigh an Aire McHugh freisin go mbeidh aithruithe ar spriocdhátaí atá ann do scoláirí chun a gcuid obair tionscadail agus obair chúrsa a chríochnú i líon áirithe ábhar.

Bhí ar scoláirí na míreanna seo de na scrúdaithe stáit a chríochnú roimh dhátaí idir Dé hAoine 20 Marta agus Dé hAoine 24 Aibreáin 2020, ag brath ar an ábhar.

Tá tugtha go dtí Dé hAoine 15 Bealtaine do na scoláirí a gcuid oibre a críochnú anois.

Dúirt an Aire McHugh: “Tá a fhios againn go bhfuilimid ag iarradh ar chách obair dhian a dhéanamh ar mhaithe le leathadh Covid-19 a shrianadh. Chun freagairt don éileamh sin atá á dheanamh againn, ba mhaith liom go mbeadh solúbacht ann do scoláirí, a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí agus a mhúinteoirí agus iad ag obair i dtreo na scrúdaithe.

“Tá an Rialtas uille fíorbhuíoch don iarracht, tiomantas agus fuinneamh atá á gcur isteach ag scoláirí agus múinteoirí faoi láthair chun leanúint leis an bhfoghlaim faoi chúinsí deacra, dúshlánacha. Iarraim oraibh an móiminteam a choinneáil suas agus díriú ar ullmhú do na scrúdaithe.”

Dúirt an tAire McHugh freisin go mbeidh an Roinn ag obair go leanúnach le Coimisiún na Scrúduithe Stáit maidir le staid Covid-19 a mheas maidir leis an tionchar a bheadh aige ar sceidil chodanna eile de na scrúdaithe stáit.

“Leanfaimid linn ag freagairt do na dúthslán ar an mbealach ceart, ag an am ceart agus leas ár scoláirí i gcroílár ár smaointe,” a duirt an tAire McHugh.

Chuir an tAire síos ar na céimeanna ata tógtha ag an Roinn chun an tionchar atá ag dúnadh na scoileanna, ar theagasc agus ar fhoghlaim, a laghdú. Iarradh ar gach scoil leanúint le ceachtanna a phleanáil agus, nuair is féidir, acmhainní nó ceachtanna ar líne a sholáthar do scoláirí i scoileanna a bhfuil sé d’acmhainn acu é seo a dhéanamh. Iarradh ar scoileanna freisin aird a thabhairt ar scoláirí nach bhfuil aon rochtain acu ar áiseanna ar líne agus é sin a bhreithniú go gníomhach agus iad ag freagairt don bheart seo. Tá foirgneamh na scoile ar fáil don fhoireann más mian leo rochtain a fháil ar na háiseanna ar mhaithe le seirbhísí a chur ar fáil ar líne, nó seirbhísí riachtanacha eile a sholáthar fad is a dtagann siad le comhairle Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE).

Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur tacaíochtaí ar fáil don earnáil oideachais le linn an ama seo, ach go háirithe do scoileanna a bhfuil scoláirí acu atá ag glacadh páirt sna scrúdaithe stáit.

Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna ag obair i ndlúthchomhar leis an Roinn Sláinte i dtaca le Coróinvíreas/Covid-19 ar bhonn leanúnach ó tús mhí Eanáir i leith. Leanfar leis an obair sin.

Críoch

Nótaí d’Eagarthóirí,

Tá comhairle agus treoir maidir le hobair na Roinne i leith Covid-19 ar fáil ar: education.ie/covid19

Glacfaidh thart ar 126,000 scoláire páirt i scrúdaithe stáit i 2020:

  • Déanfaidh 65,190 scoláire an Teastas Sóiseareach.
  • Tá 61,053 scoláire cláraithe chun an Ardteistiméireacht (Bhunaithe), Gairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP). agus an Ardteistiméireacht Fheidhmeach a dhéanamh.

Tá míreanna éagsúla i gceist sna scrúdaithe atá scaipthe amach thar tréimhse líon seacthainí leis na scrúdaithe scríofa idir Dé Céadaoin 3 Meitheamh 2020 agus Dé Máirt 23 Meitheamh 2020 mar críoch orthu.

Tá na Béaltrialacha agus Trialacha Praiticiúla Feidhmíochta (a bhí le bheith ar siúl idir Luan an 23 Márta agus Aoine 3 Aibreán) curtha ar ceal. Is iad na scrúdaithe seo leanas atá i gceist:

  • Gaeilge agus na nuatheangacha na hArdteistiméarachta: Fraincís, Gearmáinis, Spáinnis, Iodáilis, Rúisis agus Seapáinis san áireamh.
  • Ceol na hArdteistiméireachta.
  • Ceol agus Eacnamaíccht Bhaile an Teastais Shóisirigh.

Déanfaidh na scoláirí, a bhí leis na béaltrialacha agus na trialalcha praiticiúla feidhmíochta thuasluaite a dhéanamh, na scrúdaithe scríofa ag an leibhéal a roghnaigh siad agus iad ag deimhniú a gcuid ábhar le Coimisiún na Scrúduithe Stáit níos luaithe i mbliana.

Obair tionscadail agus obair chúrsa Tá spriocdhataí don obair thionscadail agus obair chúrsa curtha siar go dtí Dé hAoine a 15 Bealtaine do na habhair seo a leanas:

  • Ar leibhéal na hArdteistiméireachta; Eolaíocht Ríomhaireachta, Coirpoideachas, Teicneolaíocht, Ealaín , Eolaíocht Talmhaíochta, Eacnamaíocht Talmhaíochta, Stair, Tíreolaíocht, Oideachas Reiligiúnach, An Pholaitíocht agus an tSochaí, Ceol, Staidéar Foirgníochta agus Eacnamaíocht Bhaile;
  • Obair na dtionscadal don Teastas Sóiseareach sa Mhiotalóireacht, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad), Teicneolaíocht agus san Oideachas Reiligiúnach
  • Tascanna Measúnaithe an Teastais Shóisirigh sa Bhéarla, Gaeilge, Nuatheangacha Iasachta, Eolaíocht agus sa Staidéar Gnó.

An Dara céim de na Trialacha Praiticiúla Feidhmíochta Níl athrú tagtha ar an dara céim de na trialacha praiticiúla feidhmíochta, atá le tarlú idir Dé Luain 27 Aibreán agus De hAoine 8 Bealtaine, ná ar dháta na scrúduithe scríofa dheiridh i nGairmchlár na hArdteistiméireachta (LCVP) atá le bheith ar siúl Dé Céadaoin a 6 Bealtaine, clár na mBéaltrialacha agus na Trialacha Praiticiúla do chlár na hArdteistiméireacht Fheidhmeach (LCA) agus céad scrúdú Eolaíocht Ríomhairíochta na hArdteistiméarachta ar 27 Bealtaine ná na scrúduithe scríofa dheiridh a thosaíonn ar 3 Meitheamh.

Seo a leanas ualú na marcanna mar chéadatán de na marcanna iomlána, a bhaineann leis na béaltrialacha agus trialalcha praiticiúla feidhmíochta:

Béaltrial/Triail Phraiticiúl Fheidhmíoch

Ábhar

Ardleibhéal

Gnáthleibhéal

Líon scoláirí 2020

Artteisteaméaracht

Gaeilge

40%

40%

50,062

Francís

25%

20%

23,133

Gearamánais

25%

20%

8,802

Spánais

25%

20%

8,461

Iodálach

25%

20%

456

Rúiseach

25%

20%

567

Seapáineach

25%

20%

287

Ceol

50%*

50%

6618

An Teastas Sóiseareach

Eacnamaíocht Bhaile

50%

50%

22,769

Ceol

25%

25%

10,706

* is féidir le scoláirí, a dhéanann scrúdú ceoil na hArdteistiméarachta ag an ardleibhéal, suas go dtí 50% de na marcanna a ghnóthú ar an dtriail phraiticiúl feidhmíochta ag brath ar na heilimintí a roghaníonn siad don scrúdú.

Tá roinnt céimeanna tógtha ag an Roinn Oideachais agus Scileanna chun an tionchar atá ag dúnadh na scoileanna ar fhoghlaim agus ar theagasc a laghdú.

Tá breis eolais ar fáil ar: www.education.ie/covid19

Tá eolas curtha ar fáil ag an Roinn do scoileanna maidir le réimse ábhair ar-líne a bhfuil fáil orthú, san áireamh tá (https://www.scoilnet.ie/), lárshuíomh oifigúil na Roinne don Oideachas in Éirinn agus atá mar acmhainn sainaitheanta ar líne chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna, múinteoirí, daltaí/scoláirí agus tuismitheoirí le cabhrú le scoileanna ceachtanna a phleanáil do dhaltaí/scoláirí.

Tá leathanach dírithe ar chianfhoglaim curtha ar fáil ag Seirbhís um Fhorbairt Ghairimiúil do Mhúinteoirí na Roinne ar: https://www.pdst.ie/distancelearning

STATE EXAMINATIONS COMMISSION

PRESS RELEASE

Impact of School Closures on Examination Activities

As a result of the current closure of all schools in the State, the impact on the state examination activities scheduled at this time and in the near future has been considered by the State Examinations Commission (SEC) in conjunction with the Department of Education and Skills.

Consequently, the SEC is confirming;

  • The cancellation of the oral and practical performance tests of the Leaving Certificate and Junior Cycle examinations, which had been scheduled to take place from next Monday 23rd March to Friday 3rd April, and to award full marks to candidates due to take these tests;
  • That schools and candidates are allowed flexibility in relation to the completion of other project work and coursework across a number of subjects which are currently scheduled to be completed in the period 20th March to 24th April. Students will now be allowed to complete this work up to 15th May, which will allow candidates time to complete this work.; and
  • That the SEC, in conjunction with the Department of Education and Skills, will continue to monitor the evolving situation very closely and will act in accordance with Government and public health advice

These decisions have been taken on foot of a recommendation from the SEC, working in close collaboration with the Department of Education and Skills, acting in the best interests of students in the exceptional circumstances we find ourselves in. The intention is to alleviate student concerns about the demands they may be facing into in the coming weeks.

The oral and practical performance tests will not be rearranged and full marks will be awarded to candidates for these components. The tests which have cancelled were due to have been held from Monday 23rd March and to run until Friday 3rd April. The tests comprise the Leaving Certificate oral tests in Irish, French, German, Spanish, Italian, Russian and Japanese; practical performance tests in Leaving Certificate and Junior Cycle Music; and a practical performance test in Junior Cycle Home Economics. Awarding full marks for these cancelled components guarantees that candidates cannot be awarded a lower mark than they would have achieved in the test. The SEC considers that this is the fairest approach in the circumstances. In making these arrangements the SEC is stipulating that candidates will take their final examinations in these subjects at the level they indicated when confirming their subject choices to the SEC earlier this year, other than continuing to allow Leaving Certificate candidates to drop down from Higher to Ordinary Level on the day of the final examination.

In making these recommendations the SEC has been acutely conscious that the period from now until June is an exceptionally busy period for candidates preparing for their certificate examinations especially those getting ready for the high stakes Leaving Certificate. During this period of unexpected absence from school, candidates are bound to have concerns about the demands of examination activity when they return to school particularly as they will wish to refocus their efforts on their preparations for the written examinations commencing on the 3rd June. Student welfare is of utmost concern at this time and the SEC wishes to provide reassurance to students and their parents and to provide clarity about what they need to focus on during their absence from school.

At Leaving Certificate, students are working towards the completion of project work and coursework in various subjects with completion dates between 20th March and 24th April. At Junior Cycle, students may be completing assessment tasks and project work. In recognition of the current loss of class time during which much of the project work is undertaken, schools and candidates are now being allowed flexibility to complete this work up to 15th May, which will allow candidates time to complete this work.

The SEC and the Department of Education and Skills are continuing to monitor very closely the evolving situation regarding upcoming examination activities.

Candidates should continue to prepare for the practical examinations scheduled for the end of April and early May and the final examinations scheduled for May and June. In the period Monday 27th April to Friday 8th May, the timetable includes practical examinations in Leaving Certificate Art Life Sketching, Engineering, Construction Studies, and Junior Cycle Metalwork. There are also final examinations during May which will see these subjects being completed in their entirety before June (LCVP Link Modules on Wednesday 6th; Leaving Certificate Applied ICT on Wednesday 13th; and Leaving Certificate Computer Science on Wednesday 27th May). The written examinations are due to commence on Wednesday 3rd June.

Delivering the state examinations each year requires a partnership approach between the SEC, teachers, school principals and the education partners. The SEC will continue to engage collaboratively with the education stakeholders and the Department of Education and Skills in the weeks ahead. The SEC will continue to act in accordance with advice from Government and public health authorities in relation to this rapidly evolving public health emergency.

Notes for Editors

The timetables for the final written examinations and the schedules for other examinations and assessment activities (project work; coursework; practical tests, etc.,) ae available here https://www.examinations.ie/?l=en&mc=ex&sc=tt

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás