Chuireamar seachtain an-ghníomhach is an-ghnóthach isteach an tseachtain seo caite agus iliomad imeachtaí ar siúl ag foireann agus daltaí Mheánscoil San Nioclás. Dé Céadaoin seo caite tháinig foireann ó AnTobar Nua chun na scoile agus chuireadar Lá Spioradálta den isteach le daltaí Bhliain 2. Táimid fíorbhuíoch de Shéamus, Riain agus Lia a tháinig chugainn is a chuir an oiread machnaimh, ullmhúcháin agus fuinnimh isteach sa lá. Táimid ag coinne go mór le cuairt eile uathu san Athbhliain.