Ba é ceann de na cláir a tosnaíodh air sa Mheánscoil ag tús na scoilbhliana seo ná Ceannairí na dTeicneolaíochtaí Digiteacha. Bhunaigh Bord Oideachais & Oiliúna Phort Láirge & Loch Garman grúpa piarthacaíochta ag deireadh mhí Lúnasa. D‘fhreastail na ceannairí ar lá comhoibríoch oiliúna in Office365 le foireann na Foghlama Digití ag BOOPL&LG. Is í an sprioc atá laistiar den gclár ná go mbeidh na daltaí in ann tacú lena gcomhscoláirí agus an teicneolaíocht dhigiteach in úsáid acu. Tá suim ar leith ag Ceannairí na dTeicneolaíochtaí Digiteacha sna meáin dhigiteacha mar fhóram cruthaitheach agus beidh siad ag freastal ar ESB Creative Tech Fest le linn saoire na Samhna. Freastalóidh siad ar réimse ceardlann éagsúil idir VRAI, Stem racers, CoderDoJo, Sound and léiriú físeáin. Déanfaidh ESB Creative Tech Fest saothar daoine óga, oibrithe óige agus múinteoirí a ghlac páirt i gclár TechSpace a cheiliúradh agus a gcruthaitheacht dhigiteach, a gcumadóireacht innealtóireachta agus a n-inspioráid eolaíochta do na glúine atá le teacht a chur ar taispeáint ar an 30 Deireadh Fómhair 2019 i mBaile Átha Cliath. Guímid gach rath ar an ngrúpa daltaí ón Meánscoil a bheidh ag freastal ar an ócáid agus ár mbuíochas le Sinéad Ní Fhathaigh, Comhordaitheoir ar Cheannairí na dTeicneolaíochtaí Digiteacha sa Mheánscoil a bheidh ag taisteal leo.