Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Craobh Junk Kouture bainte amach….

Ealaín -Junk Kouture
25-Bealtaine-17
Craobh Junk Kouture bainte amach….

Tréaslaímid ó chroí amach le hAoife Ní Urmholtaigh, Hannah Power agus Maedhbh Ní Churraoidhin ar éirigh leo áit a ghnóthú i gCraobh Junk Kouture 2017 a bhí ar siúl sa 3 Arena i mBaile Átha Cliath, Déardaoin seo caite 27 Aibreán. Is é an 3 Arena an staid faoi dhíon id mó sa tír. Bhí nach mór 1500 dearadh san iomaíocht sa chomórtas i mbliana agus nach ar phobal uile na Meánscoile a bhí an riméad nuair a roghnaíodh an gúna Lasrach a chruthaigh na triúr daltaí deislámhacha, ildánacha seo, don Chraobh. Is éacht ann féin é an Chraobh a bhaint amach i measc na n-iomaitheoirí ar fad ar fud an 32 contae. Ba í Aoife Ní Urmholtaigh a bhí mar mhainicín ar an ardán ar an oíche agus lucht féachana de 10,000 duine os a comhair amach. Glenda Gleeson a bhí mar bhean an tí don ócáid agus i measc na moltóirí bhí Úna Healy, Louis Walsh agus an Dr Tracy Fahey ó Scoil na hEalaíne, Deartha agus Priontála, Luimneach. Ba mhaith leis na cailíní buíochas a ghabháil leis na daoine ar fad a chaith vóta ar a son agus leis an lucht dílis leanúna a thaistil leo ón scoil. Bhí an-oíche acusan comh maith agus seans faighte acu taitneamh a bhaint as siamsaíocht agus cluichí roimh an gComórtas ina raibh Seo Linn, XOD, Dale & Kesina agus Brendan Murray san áireamh. Ba mhaith leis an múinteoir Ealaíne a mórbhuíochas agus comhghairdeas a chur in iúl do na daltaí ar fad as a gcomhoibriú leanúnach agus a gcuid ama agus tionscnaimh Junk Kouture agus tionscnaimh ealaíne eile de chuid Roinn Ealaíne na Meánscoile, á gcur i gcrích acu. Go n-éirí go geal leis na daltaí a bheidh ag tabhairt faoi scrúduithe praicticiúla san Ealaín an tseachtain seo. Tá ardmholadh tuillte acu go léir. Míle buíochas le hEibhlín Uí Chuirrín a thaistil leis an lucht leanúna ar an lá agus comhghairdeachas agus ár mórbhuíochas leis an múinteoir Ealaíne Maria Ní Dhonnabháin as an sárobair a dhein sí leis na daltaí ar fad do Junk Kouture 2017. Táimid ar fad ag coinne le hiarrachtaí na bliana seo chugainn cheana féin! Nár lagaí Dia sibh!

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás