Is iomaí cuairt a thug muintir na nDéise go dtí an staid iomráiteach úd, Páirc an Chrócaigh ach bhí ócáid an-tábhachtach ann ar an 10 Deireadh Fómhair nuair a d’fhógair Léargas duaiseanna ELLA 2019. I measc na n-aíonna speisialta a bhí i láthair bhí Maria Ní Dhonnabháin, múinteoir Ealaíne agus Comhordaitheoir an chláir Erasmus + i Meánscoil San Nioclás. Dhein na daltaí a bhí faoi stiúir Maria éacht ar fad leis an sár-obair a dhein siad ar an saothar Seanchas Ár Muintire mar chuid den Tionscadal Ríomhnasctha. Is í Maria Ní Dhonnabháin Ambasadóir Ríomhnasctha na hÉireann agus aitheantas náisúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aici as a cuid oibre. Bhronn Léargas na duaiseanna seo a leanas ar Mheánscoil San Nioclás:
Duais as an obair den gcéad scoth a deineadh ar an Tionscadal Ríomhnasctha Seanchas Ár Muintire:
Duais as an obair ar Stair na hEalaíne a dhein daltaí Ardteistiméireachta anuraidh;
Duais as a fheabhas agus a bhí an Tionscadal Erasmus + a bhí bunaithe ar Chúrsaí Fuinnimh san Aontas Eorpach agus
Duaiseanna náisiúnta éagsúla as an Tionscadal Ríomhnasctha.
Tréaslaímid ó chroí le Maria Ní Dhonnabháin agus leis na daltaí ar fad a d’oibrigh go dúthrachtach ar na tionscadail éagsúla. Níl bhur sárú ann.