Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Gradam an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 bronnta ar mhúinteoir Spáinnise Mheánscoil San Nioclás, Cáit Ní Annáin.

10-Deireadh Fómhair-17
Gradam an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 bronnta ar mhúinteoir Spáinnise Mheánscoil San Nioclás, Cáit Ní Annáin.

Dé hAoine 29 Meán Fómhair bronnadh gradam ar thionscadail agus ar mhúinteoirí a mhúscail grá do theangacha i ndaoine eile agus modhanna nuálacha díograiseacha in úsáid acu. Is cúis mhór bhóiceála é do Mheánscoil San Nioclás go raibh Katie Ní Annáin múinteoir Spáinnise na scoile mar dhuine den cheathrar múinteoirí sa tír a roghnaíodh don ghradam mór seo. I measc na ngníomhaíochtaí is fearr le daltaí Cháit Ní Annáin, tá “Scóráil Sciobhtha” ina mbíonn seans acu labhairt fúthu féin agus cliúsaíocht a dhéanamh trí mheán na Spáinnise! Bronnadh gradaim ar chúig thionscadal eile comh maith.

Ba é Cathaoirleach Bhord Médicins San Frontières an Dr. Gabriel Fitzpatrick a bhronn gradaim an tSéala Eorpaigh Teanga 2017 in Farmleigh, Baile Átha Cliath ar a 2in agus bhí ardtráthnóna ag cách. Bhí máthair Cháit Ní Annáin agus gaolta eile léi mar aíonna ag an ócáid, comh maith le múinteoir Ealaíne Mheánscoil San Nioclás, Maria Ní Dhonnabháin a chuir na daltaí ar an eolas faoin Séala Eorpach Teanga ar an gcéad dul síos. Tá pobal uile na Meánscoile an-bhródúil go deo as Cáit Ní Annáin agus tréaslaímid a gradam go mór léi. Tá an t-aitheantas tuillte go rímhaith aici. Go maire sí a nuaíocht.

Moladh na buaiteoirí ar fad go hard as a ndúthracht den scoth, as a nuálaíocht agus as a gcuid oibre crua a thacaíonn le foghlaimeoirí teanga.

I bhfocail an Dr Céline Healy, Cathaoirleach an Ghiúire, Séala Eorpach Teanga 2017:

“Ní ceacht cognaíoch amháin í foghlaim teanga ach slí chun sinn a chur ar ár gcumas cumarsáid a dhéanamh le daoine eile, iad a thuiscint agus teagmháil a dhéanamh leo.

Tarlaíonn an Séala Eorpach Teanga gach bliain agus déanann An Coimisiún Eorpach comhordú air agus bainistíonn Léargas é in Éirinn.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: https://www.leargas.ie/programmes/languages/european-language-label/about/.

Beidh na buaiteoirí ar fáil le hagallamh a dhéanamh ar iarratas. Le tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le foireann Cumarsáide Léargais ag 01 8871280 nó comms@leargas.ie.

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás