Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Gradam buaite ag Múinteoir Spáinnise Mheánscoil San Nioclás

Nuacht -Spáinnis
26-Bealtaine-17
Gradam buaite ag Múinteoir Spáinnise Mheánscoil San Nioclás

Is mór an chúis bhróid agus bhóiceála d’fhoireann, do dhaltaí agus do phobal

uile Mheánscoil San Nioclás go bhfuil gradam mór mar dhuine de Mhúinteoirí

Teanga na Bliana le bronnadh ar Cháit Ní Annáin, múinteoir Spáinnise na

Meánscoile. Sin ráite, níl ionadh dá laghad ar aoinne againn mar gur

múinteoir den chéad scoth í a chuireann a croí agus a hanam isteach ina cuid

ullmhúcháin dá ranganna Spáinnise. Múineann Katie Spáinnis do dhaltaí uile

na scoile agus ní bréag a rá nach gcloistear uathu ina taobh ach ardmholadh i

gcónaí agus iad ag coinne lena cuid ranganna lá as diaidh a chéile. Is as an

mBaile Dhuibh do Katie agus bhain sí céim sa Spáinnis agus sa Ghaoluinn

amach i gColáiste na hOllscoile Chorcaí, comh maith le hArdteastas san

Oideachas. Tá ardmheas agus clú uirthi mar chúl báire den scoth ar fhoireann

Pheil na mBan Phort Láirge agus roinneann sí a cuid scileanna agus a cuid ama

go fial le daltaí na Meánscoile agus í mar thraenálaí ar fhoirne éagsúla sa scoil.

Tá peil na mban ag dul ó neart go neart i Meánscoil San Nioclás ó tháinig Katie

mar mhúinteoir chun na scoile trí bliana ó shin, a bhuí lena díograis agus lena

pearsantacht shuáilceach.

Baineann an Gradam iomráiteach seo leis an gclár Léargas gurb í a aidhm ná

léargas a chothú idir cultúir éagsúla trí mhalartú. Tá baint mhór ag Maria Ní

Dhonnabháin, múinteoir Ealaíne na Meánscoile leis an gclár seo agus is ise a

chabhraigh le daltaí an Tríú Bliain, Katie a ainmniú mar Mhúinteoir Teanga na

Bliana. Gan fhios do Katie, sheol na daltaí físeán gairid isteach den obair a

dhein sí leo ina rang Spáinnise. Bhí múinteoir á lorg ag na moltóirí atá

eisceachtúil, díograiseach agus fuinniúil, teagascóir a spreagann na daltaí

faoina chúram chun grá a bheith acu don ábhar. Múinteoir inspioráideach a

bhí ag teastáil uathu agus ní nach ionadh mar sin gur roghnaíodh Katie i measc

na múinteoirí ar a mbronnfar Gradam Múinteoir Teanga na Bliana orthu.

Beidh ócáid bhronnta agus chéiliúrtha i mBaile Átha Cliath ar an 29 Meán

Fómhair 2017 agus nach sinne a bheidh mórálach as múinteoir Spáinnise

Mheánscoil San Nioclás a bheith ina buaiteoir ar ghradam speisialta mar é. Ár

mórbhuíochas le Maria Ní Dhonnabháin as an gcabhair a thug sí do dhaltaí

Bhliain 3 an t-ainmniúchán seo a chur chun cinn chuig Léargas. Tréaslaímid ar

fad ó chroí leat a Katie agus guímid gach rath agus séan ort sa todhchaí. Go

maire tú do nuaíocht.

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás