Tá an-atmaisféar agus caidreamh i measc daltaí na hIdirbhliana faoin tráth seo agus ní nach ionadh agus a bhfuil d’imeachtaí éagsúla eagraithe dóibh. Cheana féin tá lá iomlán de chúrsa Garchabhrach comhlánaithe acu, lá ar bhain siad an-súp ar fad as. Caitheann siad gach aon tráthnóna Céadaoine i gColáiste na Rinne i mbun spóirt agus is cuma leo faoi shoineann nó faoi dhoineann agus scoth na n-áiseanna á gcur ar fáil dóibh ag an gColáiste. Chaith Barry Dunne, Riarthóir Um Fhorbairt Chluichí CLG an Iarthair a dtéann a dhea-cháil roimhe, cúpla tráthnóna leo agus iad i mbun cúrsaí réiteoireachta agus traenála agus chuaigh a chuid eolais, scileanna agus a theacht i láthair, i bhfeidhm go mór ar na daltaí a bhí faoina threoir. Níl deireadh le hiontais na Rinne agus chuireadar an-mhaidin isteach le Tomás Rua Ó Cadhla agus Seosamh Ó Foghlú i Staisiún Bhád Tarrthála RNLI Cheann Heilbhic agus tábhacht an RNLI do mhuintir na háite á míniú do na daltaí idir chuairteoiri agus scoláiri aitiúla araon. Ba í ceann de mhórbhuaiceanna na seachtaine seo a d’imigh tharainn ná an turas a thug na daltaí ar Chóbh, áit ar thugadar cuairt ar Ionad Oidhreachta an Titanic sular thógadar an bád amach go hOileán Píce áit ar thug siad faoi shiúlóid threoraithe a bhí fíorshuimiúil. Bhí deis tugtha dóibh bualadh isteach ar na foirgnimh éagsúla agus taitneamh a bhaint as áilleacht an oileáin féin faoin ngrian sular thógadar an bád ar ais go Cóbh. Bhí ardlá acu. Ár mbuíochas ó chroí le Máire Ní Chathasaigh, Áine Uí Ici agus Colette Uí Ghealbháin a thaistil i dteannta na ndaltaí ar an lá.