Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Junk Kouture

12-Márta-18
Junk Kouture

Tá ríméad orainn i mbliana go mbeidh foireann ón Meánscoil Go Deo na nDeor sa chraobh náisiúnta den chomórtas faisin athchúrsáilte Junk Kouture. Tá triúr daltaí Idirbhliana ar an bhfoireann Aisling Ní Cheallaigh, Laoise Nic Íomhair agus MacKenzie Ní Dhubhghaill. Ag caint dóibh ar a saothar, seo a bhí le rá ag na mná óga cruthaitheacha seo:

“Spreag seanchuirtíní ár seanmháithreacha an dearadh seo. Bhaineamar úsáid as seanchuirtíní agus d’eascair ár dtuairim ón smaoineamh go mbeimis ag féachaint isteach ón taobh amuigh agus ag féachaint amach trí chuirtíní scagtha. D’eascair coincheapanna an teaghlaigh agus an traidisúin as sin agus bhíomar meallta ag an tuairim go nascfaí teaghlaigh agus póstaí. Dheineamar go leor machnaimh faoi thraidisiúin a bhaineann le pósadh agus rith an nath cainte: 'Something old, something new, something borrowed, something blue' linn. Bhaineamar úsáid as an nath sin mar ionspioráid-bhain na seanchuirtíní athchúrsáilte leis an ‘seanrud’ agus an gúna nuachruthaithe ansin mar an rud ‘nua’. Priontáladh seanghriafanna ar an sciorta ag seasamh do chuimhní cinn a fuarthas ar iasacht agus feictear coincheap de rud gorm ar fud an ghúna.

Cé gur fhéachamar ar choincheap an phósta, naisc agus póstaí níor theastaigh uainn díreach aon ghúna bán amháin eile a chruthú. Sin ráite theastaigh uainn fós seaníomhá an phósta atá bunaithe ar phósadh agus ar ghrá a chur in iúl. Céim ar chéim sníomhann Gillín Sneachta agus an dath dearg a úsáidimid, siombalachas an ghrá tríd an saothar leis an dath dearg.

Shocraíomar ar Go Deo na nDeor a thabhairt ar an ngúna. Is solas ó laindéar mar chrobhaing in úsáid againn chun an tslí a nochtadh, cuirtear an coincheap in iúl dúinn go bhfuil saol lán de ghrá mar an síscéal is iontaí ar domhan”.

Go n-éirí an t-ádh libh leis an ngúna gleoite, ealaíonta a chailíní agus cuimhnígí go bhfuil pobal uile na scoile ag caitheamh vótaí ar son bhur ngúna.

Nár lagaí Dia sibh!

Junk Kouture
Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás