Tuigimid an brú a bhíonn ar dhaltaí go háirithe daltaí a bhíonn i mbun scrúduithe agus eagraíodh go leor imeachtaí chun am suaimhneach, spórtúil agus spraoiúil a sholáthar do dhaltaí le cúpla seachtain anuas. Chaith foireann An Tobar Nua lá spioradálta le daltaí Bhliain 2 fad agus a chuaigh daltaí na Chéadbhliana agus an Tríú Bliain ar turas lena múinteoirí ranga Neil Ó Diarmada agus Maria Ní Dhonnabháin chuig Airtacity ar an Oileán Beag i gCorcaigh. Lean an Idirbhliain chuig an ionad céanna iad cúpla lá ina dhiaidh sin le hAonghus Ó Raghnaigh agus Katie Ní Annáin. Bhí ardam spóirt is spraoi ag gach aoinne agus chuaigh na hócáidí chun tairbhe na ndaltaí ar fad.