Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Meánscoil San Nioclás-Seaimpíní Iomána na Mumhan

Nuacht -Spórt
25-Bealtaine-17
Meánscoil San Nioclás-Seaimpíní Iomána na Mumhan

Comhghairdeachas ó chroí amach le Foireann Iomána faoi 16.5 Mheánscoil

san Nioclás agus le traenálaí na foirne Aonghus Ó Raghnaigh faoin sárbhua

a bhain siad amach i gCraobh na Mumhan, Dé hAoine 16 Nollaig. Is sinne atá

lúcháireach, bródúil agus ríméadach ar son gach uile dhuine díobh agus an bua

sin tuillte go rímhaith acu. Caithfidh go raibh draíocht faoi leith ag roinnt le

beannacht San Nioclás orainn ar an 6 Nollaig mar ní raibh deireadh le

gaibhneoireacht na foirne agus iad ag troid i gcomhair an ghradaim, Seaimpíní

na Mumhan, in aghaidh Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí i Mala, Co

Chorcaí. Cé go raibh an doineann linn ar an tslí níor chuir sé sin stad le sodar

agus le huchtach na n-iománaithe misniúla s’againne agus cé gur deacair

imreoirí áirithe a roghnú thar a chéile bhí sár-chluiche ag Oisín Ó Ceallaigh

agus Mícheál Ó Cadhla fad is a bhí Caolán Mac Craith agus Jack Lombard an-

tábhachtach, ní amháin i dtaobh na gcúl a scóráil siad féin, ach as ucht na

bpasanna den scoth a thug siad ar shíolraigh cúil eile astu. In ainneoin go raibh

an fhoireann 10 gcúilín chun cúil ag leatham léirigh siad a gcumas sa tslí nár

ghéill siad is nár chaill siad treoir. Ar shéideadh na feadóige deiridh don

réiteoir ba é an scór ná 3-13 do Mheánscoil san Nioclás in aghaidh 4-03 do

Scoil na mBráithre Críostaí, Trá Lí. Bhí sár-chéiliúradh ag an bhfoireann in

Óstán Lawlors ar shroichint bhaile dóibh arís. Ár mórbhuíochas ó chroí le

hAonghus Ó Raghnaigh (traenálaí) agus le Ré Ó Ceallaigh a d’oibrigh go

dian leis an bhfoireann le tamall anois agus le hEoin Ó Murchadha, Dearán Ó

Droma agus Karen Cashman a thaistil leis an bhfoireann agus leis an lucht

leanúna ar an lá. Is tá ardmholadh tuillte ag na daltaí ar fad ó Bhliain 1, 2 agus

3 a thaistil chun tacaíocht a thabhairt don fhoireann sa Chraobh. Is léir gur

chuir bhur spriod mórchroíoch go mór leis an mbua. Go mbeirimid beo ag an

am seo arís!

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás