Meánscoil San Nioclás

Seach-churaclaim

24-Márta-17

Seach-Churaclaim

Ag teacht in inmhe

Foireannn Iomána.jpgPeil na mban.jpgdownload (11).jpg

Spóirt

Tuigtear tábhacht na folláine i saol an duine óig ina leagtar béim ar spórt foirne agus aonair chun tacú le meabhairshláinte, dearcadh dearfach ar an bhfoghlaim, déileáil le constaicí an tsaoil ach thar aon ní eile go n-áirítear an dalta mar bhall de chlann luachmhar na scoile. Is iomaí sin éachtaí ag leibhéal Contae atá faoin n-ascaill acu agus iad ag láidriú leo faoi stiúir lámh oillte agus stuama na múinteoirí spórt. I measc na n-imeachtaí spórt tá: Traenáil / Foirne Peile / Iománaíochta / Camógaíochta do bhuachaillí agus do chailíní, Lúthchleasaíocht agus Reathaíocht Trastíre.

download (17).jpgdownload (8).jpg

Ceol

Leis na cianta tá cáil amhránaíochta ar an sean-nós agus ar an gceol traidisiúnta ar cheantar na nDéise agus aithníonn an Mheánscoil an tábhacht go gcoimeádfar greim ar thobar saibhir gaelach ár sinsir chun an cosán a réiteach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Múintear stór mór amhrán traidisiúnta do gach aois ghrúpa agus ag fágáil na scoile dóibh bíonn meas, mórtas cine agus cinnteacht faighte ar a bhféiniúlacht mar Éireannaigh atá préamhaithe i gcultúr ár muintire. Glacann na daltaí páirt i gcomórtais cheoil uirlise aonair agus grúpa mar aon le comórtais amhránaíochta agus éachtaí náisiúnta bainte amach acu leis na blianta ar stáitsí Náisiúnta. Ina theannta sin múintear an ceol acadúil mar ábhar Ardteiste agus Teastais Shóisearaigh ina mbláthóidh siad mar cheoltóirí.

Erasmus+

d379d3e5-b3c6-48b5-b9c3-faf43ba7b082.JPGGrupa_iomlan_erasmus_saighdiuir.jpg

Is é Erasmus + clár an Aontais Eorpaigh don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt. Is í aidhm Erasmus + ná oideachas, oiliúint agus obair óige a nua-aoisiú ar fud na hEorpa. Is tionscadal lánmhaoinithe 2 bhliain de chuid Erasmus + é ‘R-Scéal Thionscadal Fuinnimh an AE’. Is í aidhm an tionscadail ná cur chuige nuálach i leith na foghlama a sholáthar do na daltaí a bhíonn rannpháirteach, trí ábhair shuimiúla, fhaisnéiseacha agus deis a thabhairt dóibh foghlaim agus leas a bhaint as an taithí, a bheith ag obair ar thionscadal idirnáisiúnta. Cuirfidh an cur chuige comhoibríoch a leanfaidh an tionscadal le rannpháirtíocht na ndaltaí ag gach céim den tionscadal fad is a thabharfar deis do mhúinteoirí triail a bhaint as modhanna teagaisc nua agus inniúlachtaí digiteacha.
Is iad seo a leanas na cúig scoil a dhear an tionscadal agus atá ag obair air go comhoibríoch;
 Meánscoil San Nioclás – Éire
 Kalajoen Lukio – An Fhionlainn
 Stredni prumyslova Emila Kolbena Rakovnik – Poblacht na Seice
 Sekundarsxhule “Prof. Otto Schmeil” Gróbers – An Ghearmáin
 BHAK und BHAS Oberpullendorf – An Ostair
Beidh na múinteoirí agus na daltaí ag obair ar an láthair oibre i ngach ceann de na tíortha comhpháirtíochta agus laistigh de na comhardáin chomhoibríocha agus iad ag déanamh comparáide agus anailíse agus ag roinnt faisnéise a bhaineann le foinsí fuinnimh. Óstálfaidh gach ceann de na cúig chomhpháirtithe agus gach tír ceardlann amháin agus beidh daltaí ag obair i gcomhar le chéile leis na cúig thopaic staidéir.

Junk Kouture

Junk_Kouture_2018_Go_Deo_na_nDeor.png

Imeachtaí
Bealt
30 2018
Oíche eolais Bhliain a 1
Bealt
30 2018
Oíche eolais do Thuistí Bhliain a 1
Meith
01 2018
An Scoil ag dúnadh
Meith
06 2018
Tús leis na Scrúduithe Stáit
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire

058 46 464

Suíomh na Scoile / Location
© 2018 Meánscoil San Nioclás