Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Teachtaireacht ón bPríomhoide

24-Márta-17

Fáilte an Phríomhoide

Fáilte chuig suíomh idirlíne Mheánscoil San Nioclás i Rinn Ó gCuanach. Is scoil iar-bhunscoile lán-Ghaelach Ghaeltachta í Meánscoil San Nioclás a chuireann Gaoluinn na nDéise chun chinn comh maith leis na traidisiúin a gabhann leis. Tá Meánscoil San Nioclás faoi phatrúnacht Bhord Oideachais agus Oiliúna Phort Láirge agus Loch Garman agus cuirimid béim ar léargas na croí luachanna; Barr Feabhas san Oideachas, Cúram, Comhionannas, Pobal, agus Meas sa scoil.

Bíonn an dalta lárnach i ngach a dhéantar sa scoil agus de bharr gur scoil bheag í an Mheánscoil bíonn deis againn na buanna atá ag gach aon dalta a chéiliúradh. Déantar gach iarracht daltaí a speagadh chun páirt a ghlacadh go fuinniúil in eachtraí eagsúla a bhíonn ar siúl sa scoil ón spóirt agus an ceoil go dtí an cúrsa leathan folláine atá ar fáil dóibh chun go mbeidh oideachas iomlánaíoch saibhir acu.

Tá súil agam go bhfuil aon eolas atá uait ar an suíomh seo. Muna bhfuil, tá fáile romhat teagmháil a dhéanamh linn ag úsáid na sonraí ag bun an leathanaigh seo.

Seán Ó Callanáin
Príomhoide

Imeachtaí
Márta
17 2026
Lá 'le Pádraig
Márta
28 2026
Laethanta Saoire na Cásca
Beal
04 2026
Lá Saoire Bainc
Beal
20 2026
Bronnadh Bhl.4
© 2026 Meánscoil San Nioclás