Bhí ceardlann ag Bliain 1 le Susan Adams, iar-choimeádaí zú ag Zú Bhaile Átha Cliath agus cruthaitheoir an chúrsa 'Oideachas le haghaidh Inbhuanaitheachta'. Ag an gceardlann seo d'fhoghlaim siad faoi na cúiseanna agus na héifeachtaí a bhaineann le Téamh Domhanda trí ghníomhaíochtaí idirghníomhacha éagsúla. Bhain siad triail as foinsí nua próitéine freisin - péisteanna míne agus locáistí!