Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Seach-churaclaim

24-Márta-17

Seach-Churaclaim

Ag teacht in inmhe

Foireannn Iomána.jpgPeil na mban.jpgdownload (11).jpg

Spóirt

Tuigtear tábhacht na folláine i saol an duine óig ina leagtar béim ar spóirt foirne agus aonair chun tacú le meabhairshláinte, dearcadh dearfach ar an bhfoghlaim, conas déileáil le constaicí an tsaoil ach thar aon ní eile go n-áirítear an dalta mar bhall de chlann luachmhar na scoile. Is iomaí sin éachtaí ag leibhéal Contae faoin n-ascaill acu faoi stiúir lámh oillte agus stuama na múinteoirí spórt.

I measc na n-imeachtaí tá: Foirne Peile, Iomána agus Camógaíochta do bhuachaillí agus do chailíní, Lúthchleasaíocht agus Reathaíocht Trastíre.

download (17).jpgdownload (8).jpg

Ceol

Leis na cianta tá cáil amhránaíochta ar an sean-nós agus ar an gceol traidisiúnta ar cheantar na nDéise agus aithníonn an Mheánscoil an tábhacht go gcoimeádfar greim ar thobar saibhir gaelach ár sinsir chun an cosán a réiteach do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh. Múintear stór mór amhrán traidisiúnta do gach aois ghrúpa agus ag fágáil na scoile dóibh bíonn meas, mórtas cine agus cinnteacht faighte ar a bhféiniúlacht mar Éireannaigh atá préamhaithe i gcultúr ár muintire. Glacann na daltaí páirt i gcomórtais cheoil uirlise aonair agus grúpa, mar aon le comórtais amhránaíochta agus mar thoradh ar seo tá gradaim gnóthaithe acu ar stáitsí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta. Ina theannta sin múintear an ceol acadúil mar ábhar Ardteiste agus Teastais Shóisearaigh le go mbláthóidh siad mar cheoltóirí aitheanta.

Erasmus+

d379d3e5-b3c6-48b5-b9c3-faf43ba7b082.JPGGrupa_iomlan_erasmus_saighdiuir.jpg

Is é Erasmus + clár an Aontais Eorpaigh don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt. Is í aidhm Erasmus + ná oideachas, oiliúint agus obair óige a nua-aoisiú ar fud na hEorpa. Is tionscadal lánmhaoinithe 2 bhliain de chuid Erasmus + é ‘R-Scéal Thionscadal Fuinnimh an AE’. Is í aidhm an tionscadail ná cur chuige nuálach i leith na foghlama a sholáthar do na daltaí a bhíonn rannpháirteach, trí ábhair shuimiúla, fhaisnéiseacha agus deis a thabhairt dóibh foghlaim agus leas a bhaint as an taithí, a bheith ag obair ar thionscadal idirnáisiúnta. Cuirfidh an cur chuige comhoibríoch a leanfaidh an tionscadal le rannpháirtíocht na ndaltaí ag gach céim den tionscadal fad is a thabharfar deis do mhúinteoirí triail a bhaint as modhanna teagaisc nua agus inniúlachtaí digiteacha.
Is iad seo a leanas na cúig scoil a dhear an tionscadal agus atá ag obair air go comhoibríoch;
 Meánscoil San Nioclás – Éire
 Kalajoen Lukio – An Fhionlainn
 Stredni prumyslova Emila Kolbena Rakovnik – Poblacht na Seice
 Sekundarsxhule “Prof. Otto Schmeil” Gróbers – An Ghearmáin
 BHAK und BHAS Oberpullendorf – An Ostair
Beidh na múinteoirí agus na daltaí ag obair ar an láthair oibre i ngach ceann de na tíortha comhpháirtíochta agus laistigh de na comhardáin chomhoibríocha agus iad ag déanamh comparáide agus anailíse agus ag roinnt faisnéise a bhaineann le foinsí fuinnimh. Óstálfaidh gach ceann de na cúig chomhpháirtithe agus gach tír ceardlann amháin agus beidh daltaí ag obair i gcomhar le chéile leis na cúig thopaic staidéir.

Junk Kouture

Junk_Kouture_2018_Go_Deo_na_nDeor.png

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás