Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Ráiteas Misin agus Éitis

24-Márta-17

Ráiteas Misin agus Éitis Mheánscoil San Nioclás

Is Scoil dara leibhéal lán-Ghaelach Gaeltachta í Meánscoil San Nioclás, atá suite i nGaeltacht na nDéise. ‘Sé dualgas pobal na scoile uilig an Ghaeilge agus an cultúr a chaomhnú agus a chur chun cinn, agus tús áite a thabhairt don teanga i gcónaí’. Tá luachanna traidisiúnta i bhfeidhm sa scoil maidir le cúrsaí teanga, cúrsaí iompair, éide scoile agus cúrsaí smachta.

Tá sé mar aidhm ag Meánscoil San Nioclás an bóthar a réiteach do gach dalta a lán-acmhainn a bhaint amach go h-intleachtúil, go fisiciúil, go spioradálta, go cultúrtha, go sóisialta, tré mheán na Gaeilge. Déantar iarracht ar leith ins an scoil féin íomhá dearfach a chothú i ngach aon duine, mar aon le meas a chothú dá chéile, dá dtimpeallacht agus don bpobal uile. Aithnímid cearta agus freagrachtaí tuismitheoirí agus caomhnóirí dleathacha ina ról mar bhunoideachasóirí agus fáiltímid roimh a dtacaíocht agus a gcomhpháirtíocht i saol na scoile.

Is scoil lán-Ghaelach í an Mheánscoil le traidisiún Críostúil, ag gníomhiú faoi stiúir Bhord Oideachais agus Oiliúna Phort láirge and Loch Garman, i gcomhpháirtíocht le Meánscoil San Nioclás Teo. ‘Sí an Roinn Oideachais agus Eolaíochta a sholáthraíonn acmhainn airgid agus múinteoireachta don scoil. Glactar le síntiúis dheonacha ó thuismitheoirí/caomhnóirí agus eagraíonn tuismitheoirí agus foireann na scoile imeachtaí éagsúla le h-airgead a sholáthar.

Glacann Meánscoil San Nioclás le cláir agus le rialacha na Roinne Oideachais agus Eolaíochta agus cuirtear iad seo i bhfeidhm fad is acmhainn dúinn. Leantar cláracha na Roinne ach gheobhadh athrú a bheith ar an gclár seo ó am go ham de réir Roinn 9(30) den Acht Oideachais, 1998. Glacann Meánscoil San Nioclás leis an mBille Oideachais (Polasaí iontrála Scoileanna) 2015, ina ndéantar tagairt de, nach ndéanfaidh an Scoil idirdhealú ar dhalta ar bith gur mhian leo clárú sa scoil bunaithe ar na cúiseanna seo: inscne, stádas sibhialta, stádas teaghlaigh, claonadh gnéasach, creideamh, míchumas, cine, daltaí le riachtanais speisialta nó bheith ina mball den Lucht Siúil. Glacann Meánscoil San Nioclás le hAcht um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta) 2012 agus Treoir Náisiúnta Cosaint Leanaí 2017 ina iomláine.

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás