Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

An Idirbhliain

15-Bealtaine-17

download (19).jpg

Idirbhliain 2023/2024

Clár cuimsitheach, taitneamhach, fuinniúil, gníomhach, spleodach is ea Idirbhliain Mheánscoil San Nioclás a thugann deis do dhaltaí blaiseadh a fháil ar ábhair nuálaíochta agus a fhorbraíonn iad do shaol an ionad oibre. Leis an bhfás agus leis an bhforbairt atá tagtha air le roinnt de bhlianta ní raibh de rogha ach dhá chlár éagsúla a fhorbairt chun freastal ar an éileamh.

Idirbhliain Mheánscoil San Nioclás

Tairiscítear an clár éigeantach seo dár ndaltaí reatha, do dhaltaí ó scoileanna eile sa cheantar (Mí Eanáir-Mí Meitheamh) nó do dhaltaí gur mhian leo cur fúthu le teaghlach Gaeltachta. Eagraítear clár cuimsitheach le hardchaighdeán Gaeilge agus ina theannta sin déantar taithí oibre gach Aoine mar chuid den chlár.

Más dalta seachtrach tú ó scoil eile gur mhian leat aistriú, beidh ort dul faoi scrúdú béil, agallamh mar aon le h-anailís ar thuairiscí scoile agus déanfar scrúdú ar d'iompar nuair atá áit á tairiscint. Is é Dé Luain 27ú Eanáir 2023 an spriocdáta d'iarrthóirí gur mian leo clárú ar an gcúrsa ó Mheán Fómhair 2024.

Téigh chuig na naisc thíos chun tús a chur leis an bpróiseas roghnúcháin:

Foirm Iarratais 2023/2024

Foirm Iarratais 2023/2024 - Leagan Béarla

Lóistín áitiúil

Fógra Iontrála

Éide Scoile

Costas na hIdirbhliana

Foirm ag glacadh le rialacha scoile

Idirbhliain Choláiste na Rinne

Tairiscítear an clár seo do dhaltaí ar fud na tíre gur mhian leo bliain a chaitheamh sa Ghaeltacht i gColáiste na Rinne. Freastalaíonn na daltaí ar chúrsa na hIdirbhliana sa Mheánscoil agus eagraítear imeachtaí iarnóna agus lóistín sa Choláiste. Tá an cúrsa seo an-fheiliúnach do dhaltaí gur mhian leo maistreacht a fháil ar an nGaeilge, le go mbláthóidh siad ag leibhéal Ardteiste nó dóibh siúd gur mhian leo dul i dtreo an aistriúcháin nó múinteoireacht Bunscoile nó iar-bhunscoile tar éis na hArdteiste. Is cúrsa é seo atá tumtha go hiomlán trí mheán na Gaeilge ina mbeidh líofacht, sruth cainte agus saibhreas teanga ag na h-iarrathóirí ag críochnú an chúrsa dóibh.

Chun go nglacfar le dalta ar an gcúrsa seo caithfear dul faoi phróiseas iontrála:

Sa chéad chéim den phróiseas iontrála eagraítear maidin oscailte i Mí Eanáir ina mbuaileann tuismitheoirí agus daltaí le baill foirne an Choláiste agus na Meánscoile agus mínítear cuspóirí an chúrsa mar aon le camchuairt na háite.

An dara cuid den phróiseas eagraítear measúnú ina gcuirtear iad faoi scrúdú cainte, scríofa chomh maith le h-anailís ar thuairiscí scoile agus iompar an dalta nuair atá áit á tairiscint. Seoltar an chéad bhabhta tairisceana amach go luath ina dhiadh san.

Chun tús a chur leis an bpróiseas roghnúcháin agus eolas faoinár bpolasaí iontrála don scoilbhliain 2023/2024 téigh chuig:

Foirm Iarratais

Foirm Iarratais (Leagan Béarla)

Fógra Iontrála

Éide Scoile

Costas na hIdirbhliana

Foirm ag glacadh le rialacha scoile

Chun lóistín a chur in áirithe i gColáiste na Rinne téigh chuig:

Idirbhliain Choláiste na Rinne

an cúrsa don scoilbhliain 2023/2024 á líonadh i láthair na huaire agus beidh líosta feithimh i bhfeidhm.

Sa nasc thíos tá sampla d'imeachtaí na bliana a ghlacann na daltaí páirt ann:

Samplaí d'Imeachtaí na Scoilbhliana 2022/2023

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás