Daltaí ó Mheánscoil San Nioclás a ghlac páirt i gcomórtas na Scol san rásaíocht trastíre le déanaí. Bhuaigh an fhoireann idirmhéanach na mbuachaillí an bonn chré-umha sa chraobh chontae agus bhuaigh Naoise Mac Murchadha bonn óir sa chraobh chontae agus bonn chré-umha sa chraobh oirthear Mumhan. Chríochnaigh Dubhalta Mac Murchadha sa deichiú háit. Tá an bheirt acu cáillithe anois do chraobh na Mumhan a rithfear i gCarraig an Óir i bPort Láirge ag deireadh na míosa.
Ó chlé: Riain Ó Laoire, Fiachna Ó Lochlainn, Seán Mac Gearailt, Colm Mac Fhlannchadha, Ruadhán De Faoite, Molua Mac Seáin, Cian Ó Faoláin, Naoise Mac Murchadha, Dubhalta Mac Murchadha.