Chraol Raidió na Gaeltachta an clár An Saol Ó Dheas beo ón scoil Dé hAoine seo caite 7 Feabhra agus ba mhór againn arís a dteacht ar cuairt chun na Meánscoile. Bhí pobal uile na scoile fíorbhródúil as duine de thraenálaithe fhoireann camógaíochta na scoile Seán Ó Callanáin a raibh a debut aige ar Raidió na Gaeltachta agus as Briannagh Nic Craith, MacKenzie Ní Dhubhghaill, Riain Ó Donnchú agus Pádraig Mac Aonghusa a roinn go leor scéalta faoina saol le Helen Ní Shé gan trácht ar Johnjoe Brockie agus Katie Ní Ailpín Nic an Chnoic a sheinn sárcheol binn le linn an chláir le tionlacan ó Phádraig Mac Aonghusa. An tseachtain roimhe sin ghlac Bronwyn Ní Ruairc, Caoilinn Ní Choistín, Áine Máire Ní Annragáin agus Séamus Ó Muirithe, daltaí ón gCuigiú Bliain páirt i seisiún ceistiúcháin ar iarrthóirí toghcháin a tharla Dé Sathairn 8 Feabhra agus níor chuireadar fiacail ina raibh de chruacheisteanna acu ar na polaiteoirí céanna. Treise leo ar fad!
Pic: Duine de thraenálaithe fhoireann chamógaíochta na Meánscoile Seán Ó Callanáin ag trácht ar chúrsaí camógaíochta sa Mheánscoil le Briannagh Nic Craith agus ceannródaí camógaíochta na scoile MacKenzie Ní Dhubhghaill agus iad i mbun comhrá le Helen Ní Shé ar Raidió na Gaeltachta ar an 7 Feabhra.
Pic 2: Cainteoirí agus Ceoltóiri an tSéú Bliain i Meánscoil San Nioclás agus iad ag glacadh páirte sa chlár An Saol Ó Dheas a craoladh beo ón Meánscoil Dé hAoine 7 Feabhra 2020.