Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

24 Márta 2020: Covid-19

Ráiteas ón Roinn Oideachais agus Scileanna
26-Márta-20

Scoileanna, réamhscoileanna agus suíomhanna breisoideachais agus ardoideachais dúnta go dtí an 19 Aibreán 2020 chun tacú le leathadh Covid-19 a shrianadh:

24 Márta, 2020 - Covid-19 Ráiteas ón Roinn Oideachais agus Scileanna

Leanfar ar scoileanna, réamhscoileanna agus suíomhanna breisoideachais agus ardoideachais a choimeád dúnta do scoláirí go dtí 19 Aibreán 2020.

Glacadh an cinneadh seo bunaithe ar chomhairle ón FNÉSP (An Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí) mar chuid de na hiarrachtaí ar scaipeadh Covid-19 a mhaolú.

Moltar go láidir do dhaoine óga agus do leanaí scaradh sóisialta a chleachtadh, teagmháil fhisiciúil a laghdú oiread agus is féidir chun iad féin agus daoine eile a choimeád sláintiúil agus srian a chur ar scaipeadh an ionfhabhtaithe. Áirítear anseo teagmháil shóisialta a íoslaghdú, castaí le chéile a sheachaint agus agus spás fisiciúil dhá mhéadar a choimeád idir a chéile. Iarrtar ar thuismitheoirí agus ar chaomhnóirí tacú le daoine óga agus le leanaí chun na treoirlínte simplí sin a leanúint.

Dúirt an tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh TD: "Is tréimhse thar a bheith deacair í seo do gach duine, go háirithe do scoláirí agus dá dtuismitheoirí.

"Bunaíodh an cinneadh maidir le scoileanna a choimeád dúnta go dtí i ndiaidh bhriseadh na Cásca ar chomhairle sláinte phoiblí. Is gné ríthábhachtach í seo dár n-iarracht go leanúnach ar scaipeadh Covid-19 a mhaolú.

"Is í an teachtaireacht atá agamsa do scoláirí a bhfuil scrúduithe rompu ná gur chóir dóibh fócas a choinneáil, leanúint ar aghaidh agus iarracht a dhéanamh, a mhéid agus is féidir, ar ullmhú mar is gnáth do na scrúduithe stáit. Tá gach uile rud is féidir á dhéanamh againne lena dheimhniú go dtarlaíonn na scrúduithe sin.

"Tá múinteoirí agus scoláirí tar éis freagairt do ghlaoch na cianfhoghlama le solúbthacht agus inoiriúnaitheacht den scoth. Is ábhar mórtais don chóras oideachais sibh go léir.

"Is maith is eol dom an obair ríshuntasach atá á dhéanamh chun leanúnachas foghlama a dheimhniú ar fud ár n-institiúidí ardoideachais agus breisoideachais. Níor chuir tionchar na mbeart éigeandála stop leis an oideachas, tá nuálaíocht spreagtha dá bharr agus táimid go mór faoi chomaoin acu siúd uile a leanann orthu ag soláthar oideachais sna hamanna dúshlánacha seo."

Féach thíos...

https://www.education.ie/ga/An-Roinn/Fogra%C3%AD/comhairle-o-fss-maidir-le-coronavirus.html

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás