Is taispeántas bliantúil é ARTifice a léiríonn saothair ealaíne cruthaithe ag Scoláirí Idirbhliana ar fud Chontae Phort Láirge. Tá ARTifice á rith ag Ealaíona Chaisleán na Leasa Móire ó 2010, le tacaíocht ó Oifig Ealaíona Chathair agus Chontae Phort Láirge.
An téama d’ARTifice 2023 ná fiosrúchán grianghrafadóireacht, faoi inspioráid clár taispeántas Ealaíona Chaisleán na Leasa Móire a bhfuil saothair de chuid Anne Collier, Phoebe Cummings, Sabine Mirlesse, Alexander Mourant agus Simone Mudde ann.
Ghlac os cionn 200 scoláire páirt in ARTifice 2023, ag cruthú saothair ealaíne nua iontacha, ag úsáid grianghrafadóireacht chun breathnú agus fiosrú a dhéanamh ar fhéiniúlacht, mhothúcháin agus an domhan timpeall orthu.
Scoileanna a bheidh ag glacadh páirte in ARTifice 2023:
Meánscoil San Nioclás, An Rinn, Dún Garbhán.
Ard Scoil na nDéise, Dún Garbhán
Ardscoil na Mara, Trá Mhór
Blackwater Community School, Lios Mór
Gaelcholáiste Phort Láirge, Baile Gunnair, Port Láirge