Caitheadh go leor ama i mbun aclaíochta agus daltaí na hIdirbhliana ar cuairt ar ghiomnáisiam Cross Fit sa bhaile mór agus triail bainte acu as na rothair aclaíochta mar aon le go leor den bhfearas eile atá ar fáil ann; tús maith leath na hoibre! Ar aghaidh leo ansin go dtí Grúdlann Dhún Garbhán áit inar mhínigh Cormac Ó Duibhir an próiseas a bhaineann le déantús beorach agus leanna dóibh. Is ionspioráid den scoth é Cormac de dhuine a chuir smaoineamh chun cinn mar fhiontraí agus a chuir i gcrích é. Is duine eiseamláireach é do dhaltaí na hIdirbhliana atá i mbun tograí ar mhionchomhlachtaí dá gcuid féin i láthair na huaire. Go n-éirí leo ina gcuid fiontraíochta!