Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

An Idirbhliain 2019-20

An Idirbhliain….
25-Meán Fómhair-19
An Idirbhliain 2019-20

An Idirbhliain….

Ní raibh daltaí na Céadbhliana ach socraithe isteach linn nuair a thosnaigh daltaí Idirbhliain 2019-2020. Tá nach mór trí scór daltaí ag tabhairt faoin Idirbhliain linn i mbliana idir dhaltaí de bhunadh na scoile, dhaltaí ón gceantar máguaird agus 20 dalta ó gach cearn den tír atá ag tabhairt faoin Idirbhliain linn i gcomhar le Coláiste na Rinne. Is dream den scoth iad atá comh díograiseach i leith na Gaoluinne agus iad lán toilteanach blaiseadh de agus foghlaim faoi shaíocht agus cultúr Ghaeltacht na nDéise gach aon lá. Tá clár samhailteach, gníomhach curtha faoina mbráid ag Dearán Ó Droma atá ina Chomhordaitheoir Idirbhliana sa Mheánscoil agus is cinnte nach baol do na daltaí Idirbhliana seo a bheith díomhaoin agus a bhfuil d’eachtraí agus d’imeachtaí socraithe aige dóibh. Gan ach coicís istigh acu tá cuairt tugtha acu cheana féin ar an Ionad Eachtraíochta i nDún Mór Thoir áit inar thugadar faoi bhoghadóireacht, cadhcáil, dreapadóireacht i measc go leor eachtraí scléipiúla eile agus ar an gcomórtas Treabhdóireachta i gCeatharlach. Ár mbuíochas ó chroí leis na múinteoirí a d’éirigh le gairm an choiligh chun taisteal ann leo, Maria Ní Dhonnabháin, Pádraig Ó Murchadha, Dan Ó Floinn agus Eoin Ó Murchadha. Níl faillí á déanamh ar stair agus oidhreacht na nDéise ach comh beag agus cuairt tugtha acu ar an gcloigtheach agus ar shlí Naomh Déaglán na hAirde Móire agus turas lae caite acu ag siúl ar an gCois leis an staraí áitiúil Liam Suipéil. Níl deireadh le flaithiúlacht ár gcairde i gColáiste na Rinne agus cuireadh chun lóin sa Choláiste tugtha ag Mícheál Ó Drisleáin, Stiúrthóir Choláiste na Rinne, do dhaltaí uile na hIidrbhliana tar éis na siúlóide ar an gCoinigéir, béile a raibh an-fháilte roimhe gan aon dabht. Dóibhsean a shiúil thar thigh an fhile Áine Ní Fhoghlú Dé Máirt seo caite bhí ceol binn á chloisint san aer ach ní ó phúcaí Pholl a’Phúca a tháinig sé ach ó rang Gaoluinn na nDéise le hEibhlís Ní Dhonnchadha agus Dá mbeadh agam ór agus airgead á chanadh acu in ómós di. Thug siad cuairt ar Pháirc Uí Shíothcháin leis, áit ar roinn Eibhlís Ní Dhonnchadha go leor seanchais leo maidir leis an Easpag Ó Síothcháin agus a ghaol le muintir na Rinne.

Photo:Bliain_4_dun_mor_thoir_cadhcail

Caption:Daltaí na hIdirbhliana tar éis turas iontach cadhcála a chur i gcrích in Ionad Eachtraíochta Dhún Mór Thoir.

Photo:B4_DUN_MOR_THOIR_Sleamhnan_Uisce

Caption:Dúshláin mhóra á sárú ag daltaí Idirbhliana in Ionad Eachtraíochta Dhún Mór Thoir.

Tá tús curtha cheana féin le clár GAISCE agus cúrsa Garchabhrach comhlánta acu. Is munar leor sin tá ríméad ar na daltaí atá tar éis tosnú ar a gcuid tionscnamh do Junk Kouture agus ar a dtograí do chlár Erasmus +, dhá thionscadal atá faoi stiúir agus faoi threoir éifeachtach Maria Ní Dhonnabháin, múinteoir Ealaíne agus Comhordaitheoir Erasmus + Mheánscoil San Nioclás.

Photo: b4_dun_mor_thoir_falla_dreapadoireachta_MF+2019

Caption:An chéad stad eile ná Everest! Daltaí Idirbhliana i mbun dreapadóireachta in Ionad Eachtraíochta Dhún Mór Thoir.

Photo:bliain4_&_5_treabhdoireacht

Caption:Daltaí Bhliain 4 & 5 bailithe le chéile ag Puball na Gaoluinne ag an gComórtas Treabhdóireachta i gCeatharlach Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Photo:b4-turas_tigh_aine-ni-fhoghlu_eibhlis-mf-2019

Caption: Daltaí na hIdirbhliana ag tigh Áine Ní Fhoghlú, file iomráiteach na Rinne.

Photo:b4_pairc_ui_shiothchain_mf_2019

Caption:Daltaí na hIdirbhliana ag Páirc Uí Shíothcháin.

An Idirbhliain 2019-20An Idirbhliain 2019-20An Idirbhliain 2019-20An Idirbhliain 2019-20An Idirbhliain 2019-20An Idirbhliain 2019-20
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás