Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Ár Gairdín Machnaimh

09-Márta-23
Ár Gairdín Machnaimh
Tríd an tionscadal maoinithe ' Ár nGairdín Machnamh' bhí sé mar aidhm againn ceangal a dhéanamh lenár bpobal scoile agus an tábhacht a bhaineann le plandaí don aos óg, don áit agus don phláinéad a shíolrú, chun aire a thabhairt dár spásanna pobail oscailte agus chun leasa caomhnaithe, sláinte éiceolaíochta agus folláine daoine.
Chruthaíomar gairdín clós pobail i spás nach bhfuil in úsáid laistigh dár scoil. Chruthaigh an tionscadal seo deis an óige a nascadh leis an dúlra, lena chéile agus leis an timpeallacht agus ag an am céanna a bheith ina áit inar féidir lenár daltaí staidéar, cruthú, machnamh agus scíth a ligean. Dhear daoine óga na scoile an ghairdín, ag baint úsáide as ábhar inbhuanaithe agus athúsáide, ábhar plaisteach athchúrsáilte agus go leor plandaí ildaite agus féarach chun feithidí, éin agus créatúir eile a mhealladh. Cuirfear luibheanna ar féidir linn a úsáid inár ranganna eacnamaíocht bhaile freisin. Chuireamar gné uisce leis gur féidir le héin a úsáid chun folcadh / ól. Chuireamar saothar ealaíne agus múrmhaisiú bláthanna san áireamh freisin chun breis datha a ionchorprú trí eilimintí le téamaí an dúlra. Baineadh an tionscadal seo amach trí mhaoiniú Eorpach agus tacaíocht ó Léargas faoi chlár 'Bhliain Eorpach na hÓige' chun léargas a thabhairt ar thábhacht na hóige chun todhchaí níos fearr a thógáil a bheidh níos glaise agus níos cuimsithí.
Ár Gairdín MachnaimhÁr Gairdín MachnaimhÁr Gairdín MachnaimhÁr Gairdín MachnaimhÁr Gairdín Machnaimh
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás