Tá cúpla seisiún an-taitneamhach go deo caite le ranganna éagsúla na hIdirbhliana lenár gcairde ó Ann Le Roy a thug cuairt orainn gach Céadaoin le trí seachtaine anuas. Bhuail trí ghrúpa ó Ann Le Roy amach chugainn go dtí seo agus an-aithne á cur acu ar dhaltaí na hIdirbhliana a bhíonn ag tnúth go mór lena gcuairt. Bhí cluiche cispheile acu an tarna seachtain agus an-spraoi bainte as ag cách. Dé Céadaoin 27 Samhain chuadar ar turas síos go dtí Baile na nGall áit ar bhain siad súp as na radharcanna is gleoite in Éirinn. Chuireadar an-suim sna potaí gliomaigh agus Dearán Ó Droma ag míniú dóibh mar a bheirtear ar ghliomaigh agus ag taispeáint na mbád éagsúil iascaireachta dóibh. N’fheadar d’aoinne cad a bheidh ar an gclár don chéad chuairt eile ach pé rud a shocrófar táimid ag coinne go mór lena gcomhluadar arís.