Tá an dara bliain díreach críochnaithe ag obair le hEalaíontóir cónaithe tríd an tionscnamh BLAST le hIonaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann. Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo tacú le comhtháthú na bprionsabal agus na bpríomhscileanna atá leagtha amach sa Chairt um na hEalaíona san Oideachas agus sa Chlár Éire Chruthaitheach (2023-2027).
D’oibríodar ar thionscadal Mósáic leis an ealaíontóir Marguriette Kent chun píosaí ealaíne a chruthú ar chlocha agus ábhair aimsithe, mar photaireacht agus tíleanna briste, sliogáin, agus gloine mara ón trá áitiúil.