Bhí turas iontach ag daltaí Bl.6 ar Bhéal Feirste le déanaí agus léargas faighte acu ar an dteanga sa chathair agus ar stair agus ar chultúr na cathrach. Buíochas mór le Comhlucht Forbartha na nDéise as tacaíocht a chur ar fáil ón gciste pleanála teanga!
‘Sna griangrafanna thuas:-
Na daltaí ag tabhairt cuairte ar Mhórphictiúirí Bhóthar na bhFál
Na buachaillí ar Shráid Phort Láirge
Na cailíní ag Halla na Cathrach
Maria Ní Dhonnabháin (Ceann Bliana) agus Bl.6
Bliain a 6 le Linda Ervine ag Ionad Turas in Oirthear Bhéal Feirste