Leagtar an-bhéim ar Ghairmthreoir i Meánscoil San Nioclás agus spreagtar na daltaí chun deiseanna nua a thapú agus machnamh a dhéanamh ar na cúrsaí ar mhaith leo tabhairt fúthu tar éis na hArdteiste. Mealltar daltaí na hIdirbhliana chun eolas a chuardach agus a chnuasach agus brú scrúduithe agus araile curtha ar an méar fhada ar feadh tamaillín. D’fhreastail daltaí na hIdirbhliana ar Lá Oscailte i gColáiste Dhún Garbhán ar an 22 Deireadh Fómhair agus bhain siad idir thaitneamh agus tairbhe as blaiseadh den rogha ildánach de chúrsaí éagsúla Iar-Ardteiste agus tríú leibhéal a bhíonn ar fáil. Ár mbuíochas le Clár Ní Fhathaigh agus le Dearán Ó Droma a d’imigh chun na hócáide in éineacht leis na scoláirí agus le Coláiste Dhún Garbhán a d’eagraigh an ócáid.