Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Briseann an dúchas…..

Nuacht -Cuairt chuig Nioclás Mac Craith
25-Bealtaine-17
Briseann an dúchas…..

Ní gá a lua go raibh riméad ar phobal na Gaeltachta is Meánscoil San Nioclás

fógraithe mar Sheaimpíní na Mumhan (faoi 16.5) san Iomáint agus sa Pheil i

mbliana agus i measc an lucht tacaíochta ar fad a thréaslaigh leo bhí duine de

bhunaitheoirí agus iar-phríomhoide Mheánscoil San Nioclás, Nioclás Mac

Craith Uasal. Thug sé cuireadh do chaptaein na foirne Shane Ó hÓgáin agus

Liam Gagea Ó Réagáin, do Jack Ó Lonáin agus Oisín Ó Ceallaigh cuairt a

thabhairt air. Thug Nioclás cur síos dóibh ar an mbaint mhór a bhí aige féin le

Cumann Lúthchleas Gael leis na cianta, ar bhonn áitiúil agus ar bhonn náisiúnta

agus thaispeáin sé dóibh na boinn ar fad a bhuaigh sé le linn a shaoil. I measc

na n-éachtaí a bhain Nioclás amach, d’imir sé i gCraobh Shóisear Phort Láirge

sa Pheil in 1941 & in 1945, i gCraobh Sóisear na Mumhan sa Pheil in 1948 agus

i gCraobh Sinsear Phort Láirge sa Pheil in 1963. Bhí sé ar Fhoireann Shóisear

Phort Láirge in 1944, 1951 agus in 1959 agus d’imir sé i gCorn Uí Fhaoláin sa

pheil in 1955, 1958 & 1960. Ba chaptaen é An Craitheach ar an bhfoireann a

bhuaigh Craobh Sigerson in Ollscoil Chorcaí sa bhliain 1946. Is cúis mhór

bhróid dó go raibh sé mar Chathaoirleach ar CLG na Rinne, CLG na Brice agus

CLG Phort Láirge comh maith le bheith ina Chathaoirleach ar Chomhairle na

Mumhan, Cumann Iomána na Mumhan agus Coiste na Gaeilge Pháirc an

Chrócaigh. Is grianghraf stairiúil é seo ina bhfuil captaein ó ghlúinte éagsúla i

dteannta a chéile agus tréaslaímid a n-éachtaí spóirt leo ar fad. Gura fada buan

iad agus go mbeirimid beo ag an am seo arís. Míle buíochas ó chroí le hEibhlís

Ní Dhonnchadh agus le Ríoghnach Nic Craith as a gcabhair ar fad leis an

ngrianghraf.

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás