Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Clár ERASMUS + faoi lánseol i Meánscoil San Nioclás

ERASMUS +
12-Márta-18
Clár ERASMUS + faoi lánseol i Meánscoil San Nioclás

Bhí oíche an-speisialta againn sa Mheánscoil Dé Céadaoin 21 Feabhra nuair a thug an Leifteanant Tomás Ó Murchú agus Leifteanant Ben Nolke cuairt ar an scoil ó Dhún Mhic Stiofáin i gCill Chainnigh, chun bratach na hÉireann a bhronnadh ar ionadaithe na ndaltaí a bheidh ag taisteal chun na hEorpa idir seo agus Feabhra 2019 mar chuid de Thionscadal Fuinnimh an AE de chuid an chláir Erasmus +. Bheannaigh an sagart paróiste an tAthair Ó Ceallaigh na daltaí a bhí le taisteal, i láthair a dtuismitheoirí agus múinteoirí na scoile. Mhol an Príomhoide Séamus Ó Cadhain, Maria Ní Dhonnabhain, múinteoir Ealaíne na Meánscoile as an tionscadal tábhachtach seo a thógaint chun na scoile agus as an obair mhór atá curtha isteach aici ann ó thús an tionscadail. Is iontach go deo an seans atá á fháil ag daltaí na Meánscoile páirt a ghlacadh i gclár mar seo, atá ag plé le foinsí éagsúla fuinnimh agus mar a théann siad i bhfeidhm ar an gcomhshaol. Is é Erasmus + clár an Aontais Eorpaigh don oideachas, don oiliúint, don óige agus don spórt, a bhfuil sé mar aidhm aige oideachas, oiliúint agus obair óige a nua-aoisiú ar fud na hEorpa.

Ba iad na daltaí seo a leanas a thaistil ar an gcéad turas chun na hOstaire ón Satharn 24 Feabhra go dtí an Satharn 3 Márta: Macdara Ó Faoláin Bliain 6, Aisling Ní Cheallaigh, MacKenzie Ní Dhubhghaill, Sophie Frinnseach, Johnjo Brockie agus Kyle Mac Seáin atá ina ndaltaí Idirbhliana agus d’éirigh leo baile a bhaint amach slán sábhailte ar deireadh, in ainneoin na doininne a bhí i réim.

D’fhreastail na daltaí ar iarbhunscoil in Oberpullendorf san Ostair agus d’oibrigh siad i gcomhpháirtíocht le daltaí na scoile sin ar thionscadal fuinnimh bunaithe ar an bhfuinneamh a bhaineann le Dramháil agus le húsáid na nguthán póca. Beidh gnéithe éagsúla den fhuinneamh mar ábhar tionscadail ag grúpaí eile a bheidh ag taisteal go dtí na tíortha eile atá rannpháirteach sa tionscadal. Oibreoidh na daltaí a raghaidh go dtí Poblacht na Seice i mí Aibreáin ar an bhFuinneamh Núicléach agus pléfidh siad na buntáistí agus míbhuntáistí a bhaineann leis. Díreoidh daltaí a a thaistealóidh chun na Gearmáine i mí Mheán Fómhair 2018 ar Stair an fhuinnimh agus ar Ghual fad agus a bheidh Iarmhairt Ghaoithe ar an Tírdhreach faoi chaibidil ag an ngrúpa ón Meánscoil a raghaidh chun na Fionlainne i mí Feabhra 2019. Bithmhais agus an fuinneamh a easraíonn ón Dúlra, le béim ollmhór ar Adhmad agus ar an bhfuinneamh cruthaitheach, a bheidh mar ábhar an tionscadail nuair a thiocfaidh daltaí ó na tíortha eile chun na hÉireann is chugainne sa Mheánscoil i mí na Bealtaine 2019, mar thuras deiridh an Tionscadail. Fanfaidh na daltaí le hóst-teaghlaigh na scoileanna agus gheobhaidh siad seans aithne a chur ar dhaoine óga eile agus a slite maireachtála. Freastalóidh siad ar scoil chun obair an tionscadail a chur i gcrích agus beidh go leor, leor turas suimiúil eagraithe dóibh comh maith. Ghlac na daltaí a thaistil chun na hOstaire páirt in imeachtaí cultúrtha, agus thug siad turais ar Lárionad Fuinnimh In-athnuaite, Caisleán Gussin, Monarcha Seacláide, Vienna agus ar Therme Lutzmannsburg atá ina páirc uisce agus spá. Níl cur síos ná insint béil ar an spraoi agus an tairbhe a bhain siad as agus mairfidh a gcuimhne ar a dturas Erasmus + chun na hOstaire go ceann i bhfad.

Tá Meánscoil San Nioclás fíorbhródúil as foireann agus as daltaí na scoile gurb í an scoil s’againne a roghnaíodh mar ionadaí na hÉireann sa Tionscadal tábhachtach seo de chuid an Aontais Eorpaigh agus tá pobal uile na scoile fíorbhuíoch de Maria Ní Dhonnabháin a chuir an-obair ar fad isteach in iarratas na scoile agus in eagrú na dturas agus an tionscadail dúinn. Is mór an onóir don scoil í an deis seo a bheith curtha ár slí.

Bíonn deis ag na múinteoirí a thaistealaíonn le grúpaí daltaí triail a bhaint as modhanna teagaisc nua agus inniúlachtaí digiteacha agus iad ar cuairt ar scoileanna eile atá rannpháirteach sa Tionscadal Fuinnimh. Ár mórbhuíochas ó chroí leis an mbeirt mhúinteoirí a thaistil leis an ngrúpa chun na hOstaire don tseachtain, Katie Ní Annáin agus Neil Ó Diarmada. Murach múinteoirí mar iad ní bheadh an scoil inniúil páirt a ghlacadh ina mhacasamhail de thionscadal agus táimid go mór faoi chomaoin acu is ag Maria Ní Dhonnabháin. Treise libh triúr!

Clár ERASMUS + faoi lánseol i Meánscoil San Nioclás
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás