Más ag dul thar bráid a bhíonn duine oícheanta Céadaoine, is cinnte go meallfar isteach thar tháirseach na Meánscoile é leis an mboladh breá cócaireachta agus bácála a bhíonn ag líonadh polláirí na comharsanachta. Ócáid thaitneamhach, chroíúil a bhíonn i gceist le Cócaireacht le Chéile atá ar siúl le blianta beaga anuas. Is í Fiona Ní Mhuirithe atá i mbun na seisiún cócaireachta i mbliana agus an cúrsa go hiomlán lán, ní nach ionadh leis an spórt agus an spraoi a bhíonn ag na cócairí óga seo agus iad i mbun gach saghas solmar beadaí a réiteach i dteannta a dtuismitheoirí. Táimid fíorbhuíoch de Breege Uí Mhurchadha, Teagmhalaí Baile & Scoile Mheánscoil San Nioclás as an gcúrsa seo a eagrú dúinn.