Dé Máirt seo caite d’fhreastail daltaí na hIdirbhliana, Bhliain 5 & Bhliain 6 ar Chlár imeachtaí bainteach le Seachtain na hEolaíochta WW2 Code Breakers, in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus thapaigh siad an deis cur lena gcuid eolais stairiúil agus cuairt a thabhairt ar Phálás meánaoiseach an Easpaig is iad ann mar chuid de thuras stairiúil ar chuid den Triantán Lochlannach. Ár mbuíochas le Colette Uí Ghealbháin a d’eagraigh an turas do na daltaí agus a thaistil leo ar an lá agus le Dearán Ó Droma agus Ré Ó Ceallaigh a chuaigh ina dteannta leis.