Coiste na dTuismitheoirí….
Cruinniú Cinn Bhliana
Beidh cruinniú Cinn Bhliana Choiste na dTuismitheoirí ar siúl sa Mheánscoil Dé Luain 14 Deireadh Fómhair ar a 7in. Déanann Coiste na dTuismitheoirí obair na gcapall ar son phobal uile na scoile agus ba mhór acu rannpháirtíocht agus tacaíocht gach aon tuismitheora san obair sin. Fáilte roimh chách go háirithe roimh thuismitheoirí nua. Tacaigh le do pháiste! Bí linn!