Thar ceann phobal uile na Meánscoile ba mhaith linn tréaslú ó chroí le beirt cheannairí óga den chéad scoth de chuid na scoile atá ag roinnt a gcuid buanna agus a gcuid ama go fial le pobal Dhún Garbhán. D’eagraigh agus sheol Riain agus Katie an fhéile Péacóg a raibh comórtas ealaíne do dhaoine óga mar chuid lárnach ann. Ní amháin ansin ach d’eagraigh siad ceardlann ar na healaíona agus ‘micreafón oscailte’ curtha sa tsiúl chun seans a thabhairt d’aos óg an cheantair a dtuairimí a nochtadh faoi ghnéithe éagsúla den saol. Bhí sé sin ar siúl in Ionad Ealaíne Dhún Garbhán Dé hAoine seo caite 29 Samhain agus d’éirigh go rímhaith leis an ócáid. Táimid fíorbhródúil as an mbeirt cheannródaithe scoile seo agus beimid ag súil go mór lena nguthanna a chloisint go minic sa todhchaí. Go n-éirí go geal leo!