Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Cruinniú Poiblí: Polasaí Gaeltachta

10-Samhain-17
Cruinniú Poiblí: Polasaí Gaeltachta

An Chomhairle um Oideachas

Gaeltachta & Gaelscolaíochta

An Polasaí don Oideachas Gaeltachta Seimineár an Phobail Scoile

A Phríomhoide/Stiúrthóir Naíonra, a chara,

De réir Imlitreacha 0033 & 0034/2017 na Roinne Oideachais, a bhaineann leis an bPolasaí don Oideachas Gaeltachta agus Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) sa scoilbhliain 2017-18:

Seimineáir do phobail scoile: I bhFómhar 2017, déanfaidh COGG, i gcomhar leis an Roinn agus páirtithe leasmhara eile, comhordú ar sheimineáir a fhéachann le feasacht bhoird bhainistíochta, tuismitheoirí, agus ionadaithe ó choistí pleanála teanga a mhéadú. Reáchtálfar an méid seo trí chnuas-sheimineáir ag leibhéal áitiúil i limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is é cuspóir na seimineár ná feasacht a mhéadú chun tacaíocht agus feabhas a chur ar an oideachas trí Ghaeilge i scoileanna atá ag glacadh páirt sa Scéim.

I dtaca lena bhfuil ráite thuas, beidh Seimineár do

Naíonraí & Scoileanna Ghaeltacht Phort Láirge ar siúl

Déardaoin, an 30 Samhain.

Ionad: óstán Lawlors, Dún Garbhán

Am: 7.30pm

Ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do bhaill na mbord bainistíochta agus do bhur dtuismitheoirí freastal ar an Seimineár. Seolfar roinnt póstaer chuig an scoil chomh maith gur féidir an dáta, ionad agus am a scríobh orthu. Beidh an Seimineár ar siúl trí mheán na Gaeilge ach tá i gceist ateangaireacht a chur ar fáil. Sheol muid féin scéal chuig an gCoiste Pleanála Teanga.

Is sinne,

Mait (3 Brádaigh (087-2222033), Mícheál S Mac Donnacha (087-2891544), mait@cogg.ie; micheals@cogg.ie,

Oifigigh Oideachais (Polasaí don Oideachas Gaeltachta),

An Ghorlann, Na Forbacha, Co na Gaillimhe. 9 Samhain, 2017.

Cruinniú Poiblí Polasaí Gaeltachta.pdf

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás