Níl bliain a imíonn thart nach dtugann daltaí na hIdirbhliana cuairt ar an máistircheardaí Éamonn Turraoin agus a cheardlann Criostal na Rinne ag dul ó neart go neart. Fearann Éamonn Turraoin na múrtha fáilte roimh mhuintir na Meánscoile i gcónaí agus táimid fíorbhuíoch de as sin. Bhí na daltaí faoi dhraíocht ag Éamonn agus é i mbun a cheirde, cuairt eile a spreag na fiontraithe óga chun tabhairt faoina gceirdeanna féin le dúthracht. Cleachtadh a dhéanann máistreacht agus cruthaíonn Éamonn fírinne lom an tseanfhocail sin! Is iontach an spreagadh a chuireann ceardaíocht Chriostal na Rinne ar fáil do dhaltaí go háirithe anois agus an-seansanna ar fáil ag aos óg na scoile tabhairt faoi phrintíseacht iarArdteiste mar bhóthar chun gairmbheatha den gcéad scoth a bhaint amach in iliomad réimsí oibre. Tá scoláireachtaí do dhaoine óga ar fáil ó Údarás na Gaeltachta agus tá clár nua scoláireachtaí seolta do mhná óga ag Bord Oideachais Phort Láirge & Loch Garman. Lón machnaimh gan aon dabht!