Meánscoil San Nioclás

Cúrsaí Spóirt….

Cúrsaí Spóirt….
25-Meán Fómhair-19

Cúrsaí Spóirt….

Tá tosach den chéad scoth curtha le cúrsaí spóirt sa Mheánscoil i mbliana agus táimid an-bhródúil go deo as na daltaí ar fad a imríonn go mórtasach ar son na scoile. Dé Máirt 17 Meán Fómhair d’imir foireann peile na mbuachaillí faoi 15 in aghaidh Gaelcholáiste Luimnigh agus cé nach raibh an lá leo d’imir siad le scil agus le meanma is níl dabht orainn ach go mbeidh lá eile acu. Bhuaigh buachaillí na Céadbhliana Blitz na Céadbhliana Déardaoin seo caite agus beidh blitz eile acu Déardaoin seo chugainn-go n-éirí go geal libh a bhuachaillí. Is munar éacht ann féin é sin bhí sárbhua ag mná óga na scoile i bpeil na mban Déardaoin seo a d’imigh tharainn in aghaidh Ardscoil na Mara ar an Trá Mhór. Ár mórbhuíochas le Katie Ní Annáin traenálaí agus leis na traenálaithe is múinteoirí eile a thraenálann foirne is a thaistealaíonn leo go cluichí, is iadsan Aonghus Ó Raghnaigh, Dearán Ó Droma, Seán Ó Callanáin. Neil Ó Diarmada, Pádraig Ó Murchadha, Dan Ó Floinn agus Eoin Ó Murchadha. Ní haon ionadh go bhfuil an spórt ag dul ó neart go neart sa scoil agus foireann teagaisc comh spórtúil, díograiseach ag tacú leis na daltaí i ngach aon slí. Go maire sibh!

Imeachtaí
Ean
20 2020
Réamhscrúduithe
Ean
27 2020
Cruinniú Tuismitheoirí/Múinteoirí bl.2 & bl.4
Ean
29 2020
Scoil Dúnta
Ean
30 2020
Aoichaint: Gárdái
18-Noll-2019
Gluaiseacht Foirne sa Phluda á cleachtadh ag daltaí an Dara Bliain ag Ionad Eachtraíochta Chaisleán Uí Chomair, Co Chiill Chainnigh.
18-Noll-2019
Daltaí Bhliain 6 i mbun ceardlainne Seó Bóthair le hEve Ní Bhraoin, Conradh na Gaeilge
18-Noll-2019
Katie Ní Ailpín Nic an Chnoic, An Comhairleoir John Pratt & Riain Ó Donnchú ag seoladh na féile Péacóg i leabharlann Dhún Garbhán Dé hAoine 22 Samhain.
18-Noll-2019
Daltaí na hIdirbhliana agus a gcairde ó Ann Le Roy le ag baint súp as cé Bhaile na nGall le chéile Dé Céadaoin 27 Samhain.
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire

058 46 464

Suíomh na Scoile / Location
© 2020 Meánscoil San Nioclás