Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Cúrsaí Spóirt….

Cúrsaí Spóirt….
25-Meán Fómhair-19

Cúrsaí Spóirt….

Tá tosach den chéad scoth curtha le cúrsaí spóirt sa Mheánscoil i mbliana agus táimid an-bhródúil go deo as na daltaí ar fad a imríonn go mórtasach ar son na scoile. Dé Máirt 17 Meán Fómhair d’imir foireann peile na mbuachaillí faoi 15 in aghaidh Gaelcholáiste Luimnigh agus cé nach raibh an lá leo d’imir siad le scil agus le meanma is níl dabht orainn ach go mbeidh lá eile acu. Bhuaigh buachaillí na Céadbhliana Blitz na Céadbhliana Déardaoin seo caite agus beidh blitz eile acu Déardaoin seo chugainn-go n-éirí go geal libh a bhuachaillí. Is munar éacht ann féin é sin bhí sárbhua ag mná óga na scoile i bpeil na mban Déardaoin seo a d’imigh tharainn in aghaidh Ardscoil na Mara ar an Trá Mhór. Ár mórbhuíochas le Katie Ní Annáin traenálaí agus leis na traenálaithe is múinteoirí eile a thraenálann foirne is a thaistealaíonn leo go cluichí, is iadsan Aonghus Ó Raghnaigh, Dearán Ó Droma, Seán Ó Callanáin. Neil Ó Diarmada, Pádraig Ó Murchadha, Dan Ó Floinn agus Eoin Ó Murchadha. Ní haon ionadh go bhfuil an spórt ag dul ó neart go neart sa scoil agus foireann teagaisc comh spórtúil, díograiseach ag tacú leis na daltaí i ngach aon slí. Go maire sibh!

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás