Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Daltaí na Chéadbhliana

Bliain 1 2019
25-Meán Fómhair-19
Daltaí na Chéadbhliana

Daltaí na Chéadbhliana…,

Is nach mór mí istigh againn tá an scoilbhliain faoi lánseol i Meánscoil San Nioclás is ardaoibh ar gach aoinne is sinn ag obair as lámha a chéile lá as diaidh a chéile. Fearaimid na múrtha fáilte roimh dhaltaí na Chéadbhliana a thosnaigh linn i mbliana agus iad lán de bheocht agus de bhuanna an tsaoil. Tháinig an 22 dalta seo chugainn ó Scoil Náisiúnta na Rinne, Scoil Náisiúnta Bhaile Mhic Airt, Scoil Gharbháin, comh maith le scoileanna náisúnta na hAirde Móire, Chúl na Sméar agus Tuar an Fhíona. Is mór an chúis bhóiceála iad do na bunscoileanna sin a d’fhág siad ina ndiaidh agus dar ndóigh, dá muintir. Bhí Lá Ionduchtaithe ag daltaí Bhliain 1 roimh thosnú na scoilbhliana agus is léir gur chuir an taithí sin an-tosach go deo lena n-oideachas iarbhunscoile. Ár mbuíochas le Caitríona Ní Ghealbháin, Dearán Ó Droma agus Neil Ó Diarmada a thug ardlá do na daltaí an lá sin, i lár mhí Lúnasa. Ó shin chaith an rang lá iomlán ag marcaíocht toinne ar an Trá Mhór agus mar a deir an seanfhocal ‘an té a bhíonn siúlach bíonn sé scéalach’. Ní haon eisceacht iad an dream seo agus gan cur síos ná insint béil ar a raibh d’eachtraí acu ar an muir i dteannta lena múinteoir ranga Neil Ó Diarmada agus Príomhoide Tánaisteach nua cheaptha na Meánscoile, Aonghus Ó Raghnaigh. Cloistear Gaoluinn líofa d’ardchaighdeán á labhairt ag na daltaí óga seo agus ceol binn de gach saghas ar fud na scoile agus iad inniúil raon leathan d’uirlisí a sheinnt agus amhráintí ar an sean-nós a chanadh. Guíonn pobal uile na scoile sonas agus séan ar gach aon duine díobh agus geallaimid gach aon tacaíocht dóibh sna blianta atá rompu inár dteannta i Meánscoil San Nioclás. Treise leo!

Photo:bliain_1_freedom_surf_16MF

Caption: Daltaí Bhliain 1 tar éis dóibh a bheith ag marcaíocht toinne le Freedom Surf ar an Trá Mhór, lena múinteoir ranga Neil Ó Diarmada (ar chlé) agus leis an bPríomhoide Tánaisteach Aonghus Ó Raghnaigh (ar dheis).

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás