Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Éachtaí & Eachtraí

Laochra Peile & Lúthchleasaíochta
03-Márta-20
Éachtaí & Eachtraí

Tréaslaíonn pobal uile Mheánscoil San Nioclás le Neasa Nic Íomhair, dalta Idirbhliana ar bronnadh Gradam ‘An tImreoir is Fearr i gCluiche Ceannais na hÉireann, Peil na mBan faoi 16’ uirthi le déanaí. Is laoch spóirt den scoth í Neasa a chuireann a croí is a hanam i ngach a ndéanann sí agus tá ríméad orainn ar a son agus sinn fíorbhródúil aisti. Tá an gradam sin tuillte go rímhaith aici. Níl fir óga na hIdirbhliana ár bhfágaint ar an trá fholamh ó thaobh éachtaí spóirt de ach comh beag. Comhghairdeachas ó chroí le Mark Blackwell atá mar chuairteoir san Idirbhliain i mbliana agus ionadaíocht den scoth curtha isteach aige mar ambasadóir na Meánscoile i gcúrsaí lúthchleasaíochta. Bhain sé áit amach i gCraobh na Mumhan le déanaí i rásaíocht trastíre na mbuachaillí (Idirmheánach) agus d’éirigh go rímhaith leis i gCraobh na Mumhan a bhí ar siúl i nDroichead an Chláir, Co an Chláir.

Treise libh a Neasa agus a Mark agus go maire sibh beirt bhur mbua!

Éachtaí & Eachtraí
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás