Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Éachtaí Móra Spóirt

Foireann Camógaíochta Mheánscoil San Nioclás a bhain bua den scoth amach ar Scoil Naomh Áine, Tiobraid Árann. Scór: 1-5 ag an Meánscoil in aghaidh 1-3 ag Scoil Naomh Áine. Pictiúr 2: Foireann iománaíóchta fé16.5 MSN.
20-Deireadh Fómhair-19
Éachtaí Móra Spóirt

Tá éachtaí móra spóirt bainte amach ag iománaithe agus peileadóirí na scoile le coicís anuas agus sárbhua deimhnithe ag an bhfoireann Iomána fé 16.5 in aghaidh Choláiste Fionnchua, Baile an Mhistéala. Ar shéideadh na feadóige deiridh bhí 2-20 ag Meánscoil San Nioclás in aghaidh 0-3 ag Coláiste Fionnchua. Tréaslaímid a gcuid éachtaí le gach duine den bhfoireann idir imreoirí agus bhainisteoirí díobh agus lena dtraenálaí Aonghus Ó Raghnaigh. Cúpla lá roimhe sin bhuaigh foireann camógaíochta na scoile in aghaidh Scoil Naomh Áine, Tiobraid Árann agus ba é an scór deiridh i bPáirc Uí Shíothcháin an lá sin ná Meánscoil San Nioclás 1-5 in aghaidh Scoil Naomh Áine 1-3. Ba é seo an chéad chluiche craoibhe a bhuaigh an scoil sa ghrád seo agus gach cúis ag imreoirí agus ag na traenálaithe Dearán Ó Droma agus Seán Ó Callanáin a bheith ag bóiceáil faoin éacht. Comhghairdeachas ó chroí le Foireann Peile na mBan faoi 16.5 as an mbua den scoth a bhí acusan in aghaidh Ardscoil na Mara i Páirc Uí Shiotcháin le déanaí agus le traenálaí na foirne Katie Ní Annáin atá tar éis an-obair a chur isteach chun peil na mban a chur chun cinn sa Mheánscoil le blianta beaga anuas. Ba é scór deiridh an chluiche ná 8-10 v 0-7. Go n-éirí go geal leo sa chluiche a bheidh acu ar an Trá Mhór an tseachtain seo in aghaidh fhoireann Ard Scoil na Mara arís. Níl a sárú ann.

Éachtaí Móra Spóirt
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás