Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School.
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Fallaí Phort Láirge….

Nuacht -Ealaín
25-Bealtaine-17
Fallaí Phort Láirge….

Is ar Fhalla Luimnigh a bhí clú agus cáil leis na cianta cairbreacha ach tá brí nua

ar fad ag muintir na nDéise le Fallaí Phort Láirge le tamall anuas! Bhí

tionscnamh Ealaíne an-suimiúil agus cruthaitheach ar siúl sa Mheánscoil le

déanaí, i gcomhpháirtíocht leis an tionscnamh Fallaí Phort Láirge nuair a

tháinig an t-ealaíontóir Jess Tobin ( ar a dtugtar Novice) agus Magda Karol

chun tionscnamh Ealaín Sráide a chur i gcrích le daltaí na hIdirbhliana agus an

Chúigiú Bliain. Tá saothar Jess le feiscint i gcathair Phort Láirge, i nDoire agus

ar fud chathair Bhaile Átha Cliath. Dhein na daltaí taighde ar an ábhar a bhí

faoi chaibidil acu agus ansin dhear siad agus phéinteáil siad a saothar ealaíne

deiridh ar fhalla ar chúl na scoile, faoi stiúir éifeachtach Jess agus Magda.

Léiríonn saothar ealaíne na ndaltaí suíomh na scoile cois mara agus traidisiúin

agus caithimh aimsire na Gaeltachta. Tá an mhuir, an seol, na maidí rámha, an

camán, lógó na Meánscoile agus an tírdhreach sa chúlra fite fuaite le chéile go

cruthaitheach chun saothar ealaíne a chruthú gur cúis bhócála don scoil é. Tá

na scileanna foghlamtha ag na daltaí anois chun go mbeidh siad inniúil cur leis

an saothar ealaíne seo nó cinn eile ón nua a chruthú ar fhallaí eile ar fud na

Meánscoile. Tá ardmheas ar Ealaín Sráide na laetha seo toisc a éifeachtaí is atá

sí chun athrú dearfach sa mheon sóisialta a chur chun cinn. Is féile idirnáisiúnta

sa tsráid ealaíne í Fallaí Phort Láirge faoin tráth seo, ina gcruthaítear ealaín

sráide ar fhallaí éagsúla ar fud chathair Phort Láirge agus déantar dánlanna

saoráideacha astu. Ba mhór ag Meánscoil San Nioclás an seans a fháil páirt a

ghlacadh ina leithéid d’Fhéile. Mar chuid den tionscnamh tabharfaidh na daltaí

cuairt ar Phort Láirge chun rian ealaín sráide na cathrach a leanúint ansin agus

chun bualadh le cuid de na healaíontóirí atá ina bun. Beimid ag coinne le

saothair iontacha ealaíne eile ar fhallaí na Meánscoile sa todhchaí. Buíochas ó

chroí le Maria Ní Dhonnabháin, múinteoir Ealaíne na Meánscoile a d’eagraigh

an tionscnamh iontach seo agus le Jess Tobin agus Magda Karol as an

spreagadh ar fad a thug siad do na daltaí.

Imeachtaí
Már
25 2024
Laethanta Saoire na Cásca
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
 
 
 
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás