D’fhreastal triúr daltaí ón scoil, Aoibhe Devereux, Oisín Ó Raghallaigh agus Eve Ní Mhuirí, ar chomórtas snámha scoile na Mumhan le déanaí. Is in linn snámh 50 méadar na hOllscoile Luimnigh a cuireadh an imeacht ar siúl le luthchleasaithe ó scoileanna ar fud Chúige Mumhan. Bhí an triúr snámhóirí ag glacadh páirte i rás le faid 100 méadar. Ghnóthaigh Aoibhe am a bhí níos mire ná a h-am pearsanta go dtí seo. Agus bhí Oisín agus Eve an-sásta lena n-am agus an áit a chríochnaíodar ina rásanna aonaracha. Iontach go deo daltaí na scoile a fheiscint ar an ardán iomaíochach seo.