Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Gradaim Náisiúnta & Eorpach bronnta ar Mheánscoil San Nioclás san Ealaín agus san Oideachas Saoránachta Domhanda

Gradaim Náisiúnta & Eorpach bronnta ar Mheánscoil San Nioclás san Ealaín agus san Oideachas Saoránachta Domhanda
21-Samhain-22
Gradaim Náisiúnta & Eorpach bronnta ar Mheánscoil San Nioclás san Ealaín agus san Oideachas Saoránachta Domhanda

Gradaim Náisiúnta & Eorpach bronnta ar Mheánscoil San Nioclás san Ealaín agus san Oideachas Saoránachta Domhanda

Bhuaigh daltaí bhliain 2 agus 3 ó Mheanscoil San Nioclás roinnt gradaim as a gcuid oibre sna rannóga Ealaíne agus OSD le déanaí. Bhuaigh said dhá ‘Lipéad Cáilíochta Náisiúnta’ eTwinning (National Quality Labels) agus dhá ‘Ghradam Teanga Eorpach' (European Language Awards’) freisin.

Tugann an ‘Lipéad Cáilíochta Náisiúnta’ eTwinning aitheantas do mhúinteoirí agus do dhaltaí a bhfuil sárcaighdeán bainte amach acu i dtionscadal eTwinning. San eTwinning, úsáidtear ardán ar líne chun comhoibriú le daltaí eile ar fud na hEorpa ar thionscadail ó gach réimse den churaclam.

Tugadh aitheantas don tionscadal maoinithe Erasmus+ ‘Gníomhairí Gníomhacha chun Ilíocht a Chuimsiú’ le comhpháirtithe ón Fhionlainn, ón Ostair agus Poblacht na Seice a dhírigh ar chuimsiú agus éagsúlacht trí na healaíona, teanga, teicneolaíocht, cúram ainmhithe agus spóirt.

Tugadh aitheantas freisin don dara tionscnamh ‘Ár dturás Inbhunaithe – Foclóir Inbhunaithe’ - foclóir dátheangach ‘Inbhuanaitheacht’ le comhpháirtithe Éireannacha, Spáinneach, Túinéis agus Tuircis.

Bronnadh ‘Dhá Ghradam Teanga Eorpach' ar an scoil freisin. Is duais Eorpach é seo a bhronntar ar thionscadail nuálacha i réimse na foghlama, an teagaisc agus an chur chun cinn teanga. I measc na bhfaighteoirí eile don duais seo tá Coláiste na Tríonóide, JCT, PDST, COGG agus Ollscoil Theicniúil BAC.

Bronnadh an chéad ghradam teanga Eorpach don tionscadal ‘Eágóir Shóisialta ar fud an Domhain’, tionscadal maoinithe ag World Wide Global Schools a cheadaigh na daltaí ón chéad agus don dara bliain páirt a ghlacadh i gceardlann beo le beo-chantóirí ón Scoil Ealaíne agus Deartha Luimnigh chun beochan as Gaeilge a chruthú a bhreathnaíonn ar cheisteanna ceartas domhanda. Leanann an scéal cúiseanna na himirce éigeantaigh agus na tionchair is féidir leis seo cur isteach ar shaol na ndaoine, agus éagsúlacht chultúrtha agus saol atá ag athrú dá bharr.

Bronnadh an dara gradam don tionscadal ‘Ár dturás Inbhunaithe – Iris Leabhar ar líne’. Sa tionscadal seo leag daltai ón gCoiste OSD agus Coiste Glas sa scoil dúshlán do dhaltaí na Chéad agus na Dara Bliana taighde a dhéanamh, ina gcuid ranganna OSD, ar chomhlachtaí Éireannacha atá ag spreagadh cleachtais inbhuanaithe. Tháinig 15 comhlacht ar bord a chleachtann inbhuanaitheacht agus tomhaltas freagrach. Sheol gach comhlacht táirgí in aisce dúinn le triail agus athbhreithniú a dhéanamh orthu. Tháinig daltaí ón 1ú, 2ú, agus 3ú bliain chuig ár Maidin Éicea a bhí ar siúl againn sa Seomra Ealaíne. Ansin rinne na daltaí athbhreithniú ar na táirgí. Ansin, chruthaigh na daltaí saothair ealaíne agus scríbhneoireacht chruthaitheach d’iris ar líne a foilsíodh (ar líne) i mBéarla agus i nGaeilge.

Bhuaigh na tionscadail seo roinnt dámhachtainí náisiúnta freisin lena n-áirítear gradam ECO UNESCO do Chomhshaoil Óg na Bliana 2022, agus sparánacht chruthaitheach ó Choláiste Uí Ghríofa agus Institiúid Chleachtóirí Fógraíochta na hÉireann’.

Comhghairdeas leis na daltaí agus a múinteoir Ealáine agus OSD, Maria Ní Dhonnabháin.

Gradaim Náisiúnta & Eorpach bronnta ar Mheánscoil San Nioclás san Ealaín agus san Oideachas Saoránachta Domhanda
Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás