Grúpa ceoil na scoile agus a múinteoir Tomás Ó Gealbháin a ghlac páirt sa chomórtas Siansa Gael Linn le déanaí. Cé nár éirigh leo an chraobh a bhaint amach bhaineadar an-taitneamh as an gceardlann leis an gceoltóir iomráiteach Mark Ó Ceallaigh (Altan). Beidh lá eile ag an bPaorach. Ba mhaith leis an scoil agus leis an ngrúpa buíochas a ghabháil le hEimear Uí Ghealbháin a chabhraigh go mór leo le linn na bliana. Ár mbuíochas chomh maith le Comhlucht Forbartha na nDéise a thacaíonn leis an scoil ceoltóirí áitiúla a thabhairt chuig na scoile.
Grúpa Ceoil na Scoile:
Ben McCabe, Dubhalta Mac Murchadha, Siúbhan Nic Craith, Domhnall Ó Gealbháin, Caoimhe Conroy O' Neill, Ruadhán Ó hÁilín, Aisling Ní Dhroma, Mary Ní Dheagh