Tá ag éirí thar barr leis an gcúrsa HITT le Michelle Power agus daltaí na hIdirbhliana ag feabhsú a gcuid scileanna aclaíochta is a neart seachtain i ndiaidh seachtaine. Is teistiméireacht í dá fheabhas agus atá na ranganna go mbíonn na daltaí ag Halla an Phobail go luath don rang gach seachtain agus iad ag fuireach go díograiseach le tús an ranga. Bíonn ardchaighdeán idir rannpháirtíocht agus iarracht á éileamh ag Michelle agus déanann na daltaí sáriarracht dá bharr. Ár mbuíochas ó chroi le Michelle Power as a dúthracht agus le Katie Ní Annáin a thacaíonn le heagrú agus cur i gcrích an chúrsa HITT dúinn.