Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

I ndílchuimhne ar Shéamus Ó Cadhain

09-Aibreán-19
I ndílchuimhne ar Shéamus Ó Cadhain

Thit scamall, dubhach an bhróin ar phobal Ghaeltacht na nDéise oíche Aoine 8 Feabhra ar aireachtaint dúinn go raibh Príomhoide Mheánscoil San Nioclás, Séamus Ó Cadhain tar éis imeacht ar shlí na fírinne. Ba scéala é, faraoir gear, nach raibh coinne ag aoinne againn leis.
Fán tráth seo tá téarma scoile curtha dínn ina éagmuis agus ní bréag a rá go bhfuil sé rídheacair dúinn ar fad dul i dtaithí ar a phearsantacht, chaoin, uasal a bheith ar lár.
Tháinig Séamus inár measc breis agus 16 de bhliantaibh ó shin nuair a ceapadh é ina Phríomhoide Tánaisteach ar Mheánscoil San Nioclás. Bhí sé tar éis tréimhse a chaitheamh ag obair i gColáiste Ráithín i mBré Chualainn i gCo Chill Mhantáin agus tugadh suntas ón tús dá ghrá don Ghaoluinn agus a thiomantas don ghaeloideachas. Fear Gaeltachta go smior ab ea Séamus, cainteoir láidir Gaoluinne ar chuir saibhreas agus ceol a chuid cainte go mór le cultúr agus oidhreacht na Meánscoile. Bhí an-chion aige ar mhuintir na nDéise ach níor chaill sé riamh a dhílseacht dá áit dhúchais féin, Cill Chiaráin i gConamara áit ar fáisceadh é i dtraidisiúin an tsean-nóis, na bádóireachta, na ceardaíochta agus teanga bheo a mhuintire. Is iomaí seoid teanga a roinn sé linn, go háirithe focail, nathanna is seanfhocail a thógadh sé chun cuimhne, a fuair sé óna mháthair Bríd agus óna athair Colmán, nach maireann.

Tá a chuimhne pearsanta féin ar Shéamus ag gach aoinne a thaithigh a chomhluadar, go háirithe ag daltaí, iardhaltaí, tuismitheoirí agus a chomhghleacaithe i Meánscoil San Nioclás. Cuimhníonn daltaí agus iardhaltaí áirithe ar an Máistir Ó Cadhain mar mhúinteoir Matamaitice den chéad scoth a roinn a ghaois agus a ghrá don ábhar leo ina chuid ranganna, ar a shlí chneasta, shéimh féin. Leag Séamus an-bhéim ar chur chun cinn an Mhata sa scoil agus thug sé deis do dhaltaí Ardteistiméireachta tabhairt faoin Mata Feidhmeach agus faoin bhFisic san Ardteist trí ranganna iarscoile a eagrú dóibh. Is ar a ranganna i nGrafaic an Deartha agus na Cumarsáide a chuimhneoidh daltaí eile ar Shéamus, mar ba é an chéad mhúinteoir Grafaice i Meánscoil San Nioclás é. Spreag a dhúthracht don ábhar go leor, leor daltaí chun tabhairt faoin ábhar don Ardteistiméireacht. Is ar a laethanta ag iomramh leis sna naomhóga amach ó Cheann Heilbhic nó ó Bhaile na nGall a chuimhneoidh daltaí eile air agus é ag roinnt scéalta leo faoi chúrsaí mara, iascaireachta is bádóireachta ‘thiar ag baile’ nó é ag trácht ar a chuid oilithreachtaí amach go hOileán Mhic Dara ar an 16 Iúil gach aon Samhradh.

Ceapadh Séamus ina Phríomhoide ar Mheánscoil San Nioclás thart ar 5 de bhliantaibh ó shin agus sa ról sin chaith sé go fial agus go carthanach le pobal uile na scoile. Mairfidh sé inár gcuimhne comh maith mar fhear a raibh achmhainn ghrinn ann a chuirfeadh an cat ag gáire in am na soininne agus na doininne. Bhí fís aige do thodhchaí agus d’fhorbairt na Meánscoile agus mar chuid dá iarrachtaí thionscain sé cúrsa Idirbhliana i gcomhar le Coláiste na Rinne chun daltaí ó gach cearn den tír a mhealladh chun na Meánscoile chun an Idirbhliain a chaitheamh tumtha i saol agus in oidhreacht Ghaeltacht na nDéise. Níor theip ar a mhisneach riamh agus deacrachtaí le sárú ach mar a dúirt an Díreánach ina dhán Cranna Foirtil
‘Luigh ar (a) chranna foirtil
I gcoinne mallmhuir is díthrá
Coigil aithinne (a) aislinge…’
Tá an aisling sin comhlíonta cheana féin agus an cúrsa ag dul ó neart go neart. Is borradh tagtha faoi líon na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil bhí iarratas ar sheomraí ranga breise don Mheánscoil, curtha isteach ag Séamus. Ceadaíodh an t-iarratas agus beifear ag tosnú ar an tógáil úd gan mhoill. Is mór an trua agus an briseadh croí dúinn é nach mbeidh Séamus inár bhfochair chun torthaí a chuid saothair a chéiliúradh linn.

Mairfidh cuimhne Shéamuis in aigne na ndaoine mar dhuine ionraic, uasal, lách a raibh croí mór maith aige agus an dea-fhocal agus dea-mhéin aige do chách. Fear príobháideach, ciúin, cuthaileach ab ea é leis, a bhí istigh leis féin agus dílis do luachanna a mhuintire. Cé go raibh an-ghean aige ar Ghaeltacht na nDéise b’aoibhinn leis i gcónaí a bheith i measc a lucht aitheantais féin agus é féin a bhá athuair i nósanna agus i saíocht a cheantair dhúchais. Ba mhinic dó a bheith ag trácht ar an seanchas a bhíodh déanta aige le seanóirí sa mbaile faoi obair an tsaoir, amhráintí agus fonnadóirí, an taoide agus an rabhartha trá gan trácht ar phiseoga agus béaloideas a bhain lena dhúiche féin. Thiocfadh a dhílseacht mhór dá áit dhúchais agus a bhród mar fhear na Gaillimhe chun cinn go tréan ann agus Gaillimh ag imirt i gcluichí craoibhe agus cé nárbh fhear é a bhíodh ag bualadh sciath riamh, bhíodh sé caithréimeach go maith nuair a bhuafadh Gaillimh ar Phort Láirge, ach maithfimid sin dó!

Ba fhianaise iad na daoine ar fad a tháinig ina sluaite chun na Meánscoile, go dtí an tórramh agus a thaistil go Cill Chiaráin dá shochraid, ar an urraim agus an meas a bhí ag cách ar Shéamus. Gabhann bainistíocht, foireann agus pobal uile Mheánscoil San Nioclás ár mórbhuíochas ó chroí le gach aon duine a tháinig chun comhbhrón a dhéanamh linn agus a thacaigh linn inár mbris-an tEaspag Alphonsus Ó Cuileanáin, an tAthair Ned Hassett, An tAthair Conchúr Ó Ceallaigh, agus ár gcomhghleacaithe i mBord Oiliúna Loch Garman agus Phort Láirge agus i scoileanna agus institiúidí oideachais agus cultúrtha fud fad na tíre agus go háirithe le Coiste na dTuismitheoirí agus tuismitheoirí agus daltaí na Meánscoile a thug an-tacaíocht dúinn ar iliomad slite. Go gcúití Dia iad.

Is méala mór é bás Shéamuis dá mháthair Bríd Uí Chadhain agus dá mhuintir uile agus déanaimid comhbhrón ó chroí leo ar a mbris. Cuimhnímidne go háirithe ar dheartháir Shéamuis, Joe Ó Cadhain a bhfuil cónaí air anseo inár measc, ar bhean chéile Joe, Yvonne, ar neacht Shéamuis Ríona agus ar Éanna Ó Muirithe, dlúthchara le Séamus a bhí gaolta leis trí phósadh. Go dtuga Dia sólás agus misneach do mhuintir uile Shéamuis.

Mairfidh cuimhne Shéamuis inár n-aigne agus inár gcroíthe go brách na breithe. Líon macalla, ceolmhar, uaigneach Amhrán Mhuinse an séipéal i gCill Chiaráin an tráthnóna úd i Mí na bhFaoilleach agus sinn ag fágaint slán ag Séamus don uair dheireanach. Amhrán é Amhrán Mhuinse a bhí an-ghar dá chroí. Nach tráthúil mar a roinn sé leagan den amhrán úd a bhíodh á chanadh ag uncail leis linn, cúpla mí roimh éag dó:
‘is dhul siar le Inse Ghainnimh dhúinn beidh an fharraige ag eirí ard
Nó tugaidh go Leitir Caladh mé mar is ann nach bhfuil mo dhream
Ach tugaidh siar go Muínís mé, ‘san áit a gcaoinfear mé go breagh
Beidh soillse ar na dúcannaí is ní bheidh uaigneas orm ann’.

Céiliúrfar Aifreann i ndílchuimhne ar Shéamus Ó Cadhain Dé hAoine bheag seo 12 Aibreán ar 11.15rn i Meánscoil San Nioclás, Rinn Ua gCuanach agus cuirfear crann darach in ómós dó i ndiaidh an Aifrinn chuimhneacháin. Fearaimid fíorchaoin fáilte roimh chairde agus lucht aitheantais Shéamuis a bheith inár dteannta.
Suaimhneas síoraí ar a anam uasal Gaelach.

‘Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc:
I líontaibh Dé go gcastar sinn.

Ó bhás go críoch nach críoch ach athfhás,
I bParthas na ngrás go rabhaimid’

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás