Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Imeachtaí Eile:

Ceol, Spórt & Eolaíocht
17-Samhain-19
Imeachtaí Eile:

Déardaoin 7 Samhain chroch daltaí uile na Chéad Bhliana agus daltaí ceoil Bhliain 2 & 3 a seolta go Corcaigh chun éisteacht le ceolchoirm Cork Pops in Halla na Cathrach fad is a d’fhreastail daltaí eile Bhliain 2 & 3 ar Cheardlann mar chuid de Sheachtain na hEolaíochta, faoin athrú aeráide a bhí ar siúl in Halla an Bhaile, Dún Garbhán. Ar an lá ceannan céanna d’imir foireann na mbuachaillí (Sinsear) in aghaidh Scoil na mBráithre, Trá Lí i Ráth Luirc agus cé nach raibh an lá leo d’imir siad go cróga agus le spriod iontach foirne agus bhíomar an-bhródúil ar fad as gach aon duine díobh. Ár mbuíochas le Sinéad Ní Fhathaigh, Seán Ó Callanáin, Eoin Ó Murchadha, Colette Uí Ghealbháin, Ríonach Nic Craith agus Pádraig Ó Murchadha a d’eagraigh ócáidí éagsúla agus a thaistil le daltaí chuig na himeachtaí ar fad le linn na seachtaine.

Óga Yoga

Táimid ar fad ag coinne leis an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh Ciarán Mac Fheargusa ó Óga Yoga ag teacht chun na Meánscoile chun yoga trí Ghaeilge a chur ar siúl do dhaltaí na hIdirbhliana agus beidh sé ag filleadh ar an scoil arís i mí na Nollag chun seans a thabhairt do dhaltaí eile na scoile tabhairt faoin Yoga. Tá clú agus cáil nach beag bainte amach ag Ciarán as a chuid ranganna yoga as Gaoluinn agus bíonn sé mar aoi bliantúil ag Oireachtas na Samhna.

Le teacht……

Tá go leor cluichí socraithe do Pheil na mBan agus don fhoireann Camógaíochta sna seachtainí atá romhainn amach agus beidh daltaí an Dara Bliain ag taisteal go dtí Ionad Eachtraíochta Chaisleán an Chomair, Co Chill Chainnigh chun tabhairt faoi Dhúshláin Foirne agus iad ag súil le Catapalt a thógaint is a scaoileadh suas sa spéir. Tá siad ag coinne go mór leis an turas agus leis an lá a chaitheamh ag obair as lámha a chéile. Go n-éirí go geal leo.

Imeachtaí
Bealt
06 2024
Lá Saoire Bainc
Bealt
23 2024
Oíche Bl.6 - am le cinntiú
Bealt
27 2024
Scrúduithe an tSamhraidh
Bealt
31 2024
Saoire an tSamhraidh
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2024 Meánscoil San Nioclás