Tá mná óga na hIdirbhliana tar éis iontaisí aoibhne, suimiúla a chothódh smaoineamh agus machnamh a chruthú mar chuid de ranganna Ealaíne & Faisin faoi threoir éifeachtach Maria Ní Dhonnabháin. Spreag téamaí áirithe a tugadh dóibh a smaointe agus a saothar agus is iad téamaí na bliana seo ná Athrú Aeráide, An Fharraige, Faisean ‘Lolita’, Galánta agus an Aimsir.
Pic 1: Gúna dar teideal ‘Gan Oighear, Gan Bheatha’ a chruthaigh Seoda Ní Raghallaigh, Ciara Ní Shúilleabháin agus Corinne Toft atá mar mhainicín sa ghrianghraf seo. Tá an gúna seo bunaithe ar an téama ‘Athrú Aeráide’ agus é déanta as plaisteach, seanfhabhraic, paicéidí píseanna talún agus polaistiréin.
Pic 2: Gúna dar teideal ‘Bábóg bhinn’ a chruthaigh Niamh Ní Laoire agus Ríona Ní Chadhain atá mar mhainicín sa ghrianghraf seo. Cruthaíodh an gúna seo ó pháipéar agus cnaipí agus é spreagtha ag an téama ‘Faisean Lolita’.
Pic 3: Gúna dar teideal ‘Íon Bán’ bunaithe ar an téama :’Galánta’ a chruthaigh Grás de Paor, Gráinne Ní Dhomhnaill agus Ailbhe Nic Anna as seanfhabraic, maisiúcháin Nollag agus meallta loofa a n-úsáidtear sa chith.
Pic 4: Gúna dar teideal ‘Aimsir’ bunaithe ar an téama céanna a dhein Molly Ní Shíthigh agus Bronwyn Ní Shé as plaisteach, téad agus olann cadáis.
Pic: 5 Hannah Nic Gearailt, Neasa Nic Íomhair agus Ruby Nic Aonghusa lánsásta leo féin as an ngúna álainn a dhein siad as plaisteach, téad agus trioscar. ‘Cailín na Mara’ an t-ainm a thugann siad ar an saothar seo agus é bunaithe ar an téama ‘An Fharraige’.