Meánscoil San Nioclás is a Waterford and Wexford Education and Training Board School
wwetb.ie
Waterford & Wexford ETB

Lá fán dTor!

Gluaiseacht Foirne sa Phluda á cleachtadh ag daltaí an Dara Bliain ag Ionad Eachtraíochta Chaisleán Uí Chomair, Co Chiill Chainnigh.
18-Nollaig-19
Lá fán dTor!

Ba ar Ionad Eachtraíochta Chaisleán Uí Chomair, Co Chill Chainnigh a bhí triail na ndaltaí ón Dara Bliain ar an 14 Samhain chun dul i mbun cluichí foirne. In ainneoin an phluda agus na doininne agus tar éis dóibh mochéirí a chur díobh bhí ardlá acu agus daoine á moladh as an sprid agus an dea-iompar a léirigh siad ó thús deireadh. D’éirigh thar barr leo agus iad ag obair as lámha a chéile chun crann tabhaill nó catapult a thógaint agus é a scaoileadh suas san aer agus nach rompusan a bhí an dúshlán ollmhór ag iarraidh siúl mar fhoireann sa phluda ceangailte le chéile agus a gcosa snadhmaithe ar dhá phíosa adhmaid. Mairfidh an cuimhne gan aon dabht agus ár mbuíochas le Katie Ní Annáin agus le Neil Ó Diarmada a chuaigh ina dteannta don lá.

Imeachtaí
No events found
Déan Teagmháil Linn
Teagmhálacha Scoile
Meánscoil San Nioclás
Rinn Ó gCuanach
Dún Garbhán
Co. Phort Láirge
Eire


Waterford & Wexford Educational Training Board
Suíomh na Scoile / Location
© 2025 Meánscoil San Nioclás